Fadhb an oilc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá an t-olc ina fhadhb don smaoineamh go bhfuil aon dia ann. Dar le fadhb an oilc, bréagnaíonn an fhíric go bhfuil an t-olc ann tréithe traidisiúnta Dé. Deirtear go bhfuil Dia uilefheasach, uilechumhachtach, agus dea-mhéineach go hiomlán. Dá mba amhlaidh, áfach, bheadh sé i gcumas Dé olc a scrios, agus ní mór ná go scriosfadh sé an t-olc toisc go bhfuil sé dea-mhéineach. Ós rud é go bhfuil ann don olc, caithfear go bhfuil ceann de na trí ráiteas seo fíor:

  1. Tá Dia sásta glacadh leis an olc. Má tá, níl sé dea-mhéineach.
  2. Ní scriosann Dia an t-olc toisc nach n-aithníonn sé an t-olc. Más ea, níl dia uilefheasach.
  3. Níl Dia in ann deireadh a chur leis an olc. Mar sin, níl sé uilechumhachtach.

Tugann an argóint seo le fios nach bhfuil ann do dhia atá uilechumhachtach, uilefheasach, agus dea-mhéineach ar fad. Dá mbeadh a leithéid de dia ann, ní bheadh ann don olc.