Féile Loy Krathong

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFéile Loy Krathong
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(th) ลอยกระทง Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálféile Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Téalainn Cuir in eagar ar Wikidata
Chiang Mai, 2010 agus Féile Yi Peng

Is féile bhliantúil é Loy Krathong. Ceiliúrann daoine é sa Téalainn agus in áiteanna eile san Áise agus ar fud an domhain. Is féile sheanbhunaithe é Loy Krathong agus baineann sé leis an reiligiún Búdachas.[1][2]

Baineann daoine úsáid as ábhar nádúrtha chun ”krathong” a chruthú; ciseán is ea “krathong”. Ansin, seolann siad na ciseáin sna haibhneacha chun ómós a léiriú do bhandia an uisce. Tar éis na féile, bailíonn daoine na ciseáin agus na báid ó na haibhneacha agus is féidir iad a úsáid mar bhia d’ainmhithe, de ghnáth.

Sa bhliain 2023, bhí smaoineamh nua-aimseartha acu. Tharraing daoine níos mó ná 3,000 pictiúr de “krathong” agus ghlac siad grianghraif díobh. Ansin thaispeáin siad na grianghraif dhigiteacha ar abhainn.[3] Chiallaigh sé seo go raibh níos lú ciseán san uisce agus níos lú oibre le déanamh ag glanadh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ELeathanach 453   Nollaig 2023
  2. "Loy Krathong and Yi Peng Festival 2024, 2025, and 2026" (en). www.asiahighlights.com. Dáta rochtana: 2023-12-19.
  3. Bangkok Post Public Company Limited. "Big clean up after festival, 3,000 digital krathong floated" (en). Bangkok Post. Dáta rochtana: 2023-12-19.