Féile Idircheilteach Lorient

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFéile Idircheilteach Lorient
Íomhá
Map
 47°42′N 3°24′W / 47.7°N 3.4°W / 47.7; -3.4
Cineálféile cheoil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1970 - 
Eatramh imeacht1 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhLorient, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraceol Ceilteach Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinfestival-interceltique.bzh Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#interceltique Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: FESTIVALLORIENT Youtube: UCil5GE1KSNbQMJ-6lN5oiiQ Cuir in eagar ar Wikidata

Is féile bhliantúil Cheilteach í Féile Idircheilteach Lorient (Briotáinis: Emvod Ar Gelted An Oriant; Breatnais: Gŵyl Ryng-Geltaidd An Oriant), atá suite i gcathair Lorient, sa Bhriotáin. Bhunaigh Polig Monjarret í sa bhliain 1971.

Bíonn an fhéile bhliantúil seo ar siúl i gcroílár na cathrach gach Lúnasa agus tá sí tiomnaithe do thraidisiúin chultúrtha na náisiún Ceilteach, ag cur béime ar cheol agus agus damhsa Ceilteach agus ag cur ealaíona eile san áireamh freisin, a leithéid agus péintéireacht, grianghrafadóireacht, drámaíocht, dealbhóireacht, ceardaíocht thraidisiúnta chomh maith le spórt agus gastranamaíocht.

Is as an mBriotáin, Éire, Albain, an Corn, an Bhreatain Bheag, Cumbria, Oileán Mhanann, Oileán Chléire, an Ghailís, an Astúir, an Acaid, agus an diaspóra Ceilteach ar fad.

Maidin Dé Domhnaigh bíonn Paráid Mhór na Náisiún Ceilteach ar siúl le breis agus 3,500 ceoltóir, amhránaí, píobaire agus damhsóir ó gach cearn den domhan Ceilteach ag spaisteoireacht trí shráideanna na cathrach i bhfeisteas náisiúnta.

Bíonn cluichí ceannais Chraobh Náisiúnta Bagadoù ar siúl sa Parc de Moustoir le linn an chéad deireadh seachtaine den fhéile. Chomh maith leis sin bíonn comórtais aonair ar siúl do phíobairí.

Bíonn máistir-ranganna ar siúl gach maidin. I measc na n-imeachtaí tráthnóna, bíonn ceolchoirmeacha ceoil tíre agus traidisiúnta agus taispeántais rince, ceolchoirmeacha ceolfhoirne, ceolchoirmeacha rac-cheoil agus "Nuits Magiques", taispeántais de bhannaí píb, damhsóirí, cóir agus tinte ealaíne.

I rith na féile bíonn an "Village Celtique" (fr) nó "Marc'had Etrekeltiek" (br) ar oscailt i lár na cathrach ag tairiscint bia, ceoil agus litríochta, éadaí agus ceardaíochta.

Ar an Satharn deiridh den fhéile bíonn ceoltóirí tíre agus rac-cheoltóirí ag casadh ag an gcuan iascaireachta don Nuit de Port de Pêche.

Bíonn go leor gníomhaíochta ar imeall na féile freisin, le ceoltóirí ag seinm saor in aisce i go leor beár agus tithe tábhairne na cathrach gach tráthnóna go dtí go déanach.

Tá lucht eagraithe na féile tar éis dul i mbun fiontair chomhchosúla le déanaí mar cheolchoirm na Féile Pádraig i bPáras na Fraince, a mheallann slua de 70,000 lucht féachana agus ceolchoirm Celtica i Nantes.

Clár imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá príomhláithreacha na féile suite fud fad na cathrach, agus imeachtaí níos foirmiúla ar siúl ag an Palais des Congrès, Grand ThéâtreÉglise Saint Louis. Bíonn na himeachtaí móra ar siúl ag an Parc du Moustoir (baile Chlub Peile Lorient a bhfuil suas le 10,000 lucht féachana in ann a bheith ann), sa Port de Pêche nó i marquees móra.

Tosaíonn an fhéile leis an Cotriade (fr) nó Kaoteriad (br), suipéar bia mara traidisiúnta na Briotáine, a bhíonn ar siúl i gceantar cuain Port de Pêche (fr) nó Porzh Pesketa (br) le rabhcáin mhara agus ceol mara traidisiúnta na Briotáine.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]