Sliabh Everest (Teomólungma)
Sliabh atá suite idir Neipeal agus an Tibéid is ea Sliabh Everest (Sagarmatha a thugtar air freisin i Neipeal agus Teomólungma agus Qomolangma Feng sa Tibéid agus do mhuintir na Síne).[1]
Is é Everest an áit is airde ar domhan: tá sé 8,848 méadar ar airde. Cuid de na Himiléithe atá ann.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba iad Edmund Hillary agus Tenzing Norgay na chéad daoine a shroich barr an tsléibhe, ar 29 Bealtaine 1953.
Leag Dawson Stelfox, fear as Béal Feirste, a chos ar Mhullach an Domhain ar an 27 Bealtaine 1993. Ba é an t-aon duine den ochtar Éireannach a bhí ar an bhfoireann a bhain barr an tsléibhe amach. "Theastaigh uainn go n-éireodh le hÉireannaigh Everest a dhreapadh den chéad uair an tslí cheart, nach mbeadh an gradam sin ag dul go duine éigin a d’íoc an-chuid airgid ar dhreapadh tráchtála.”[2] "Ní hé Everest an sliabh is tábhachtaí ná an sliabh is suimiúla, is é is airde agus sin é. Tá sléibhte eile ann a bhí i bhfad níos suimiúla agus níos tábhachtaí", a deir Dermot Somers.
Chaith Lorna Siggins seacht seachtaine le Stelfox agus an fhoireann sna Himiléithe agus bhí leabhar foilsithe aici ar Everest in 1994.
Ba í Clare O’Leary an chéad bhean Éireannach a dhreap Everest in 2004. Theip uirthi in 2003 ; tháinig "tinneas goile" uirthi.
Caimiléireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2026 bhí treoraithe Everest cúisithe ag póilíní Neipeal as roinnt camscéimeanna a bhain le dreapadóirí. Ina measc bhí drugaí a thabhairt do dhreapadóirí i ngan fhios dóibh ionas go mbeadh orthu iad a tharrtháil, le billí bréige thart ar fiche milliún dollar gearrtha ar na dreapadóirí agus ar árachóirí.[3]
Chuir daoine eile púdar bácála ina mbia ionas go mbeadh tinneas goile ar dhreapadóirí, rud a bhaineann le tinneas airde de ghnáth. I ndiaidh na dtarrthálaithe héileacaptair, bhronn cuid acu na doiciméid taistil agus cóireála leighis chun cistí breise a éileamh ó árachóirí taistil eachtracha.
Deirtear gur bhuail na camscéimeanna seo thart ar cheithre mhíle seacht gcéad dreapadóir. Fuarthas amach i bhfiosrúcháin roimhe seo go raibh taistealaithe páirteach sna camscéimeanna uaireanta.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Lorna Siggins, Everest Callling (1994) - ISBN 1848891636
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (6 Nollaig 2024). "AGALLAMH LE DERMOT SOMERS: ‘Ní hé Everest an sliabh is tábhachtaí, is é is airde agus sin é’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-12.
- 1 2 Conradh na Gaeilge, Londain (11 Aibreán 2026). "Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-04-12.
