Euplectes franciscanus
| Sonraí | |
|---|---|
| Meánlíon in ál | 2.8 |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| UICN | 22719181 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Aves |
| Ord | Passeriformes |
| Fine | Ploceidae |
| Géineas | Euplectes |
| Speiceas | Euplectes franciscanus (Isert, 1789) |
| Ainmníocht | |
| An chéad ainm Laidine a bhí air | Loxia franciscana |
Éan beag pasaireach san fhine Ploceidae is ea Euplectes franciscanus nó an t-easpag flannbhuí.[1] Tá sé mar chuid den ghéineas is mó san fhine seo, le níos mó ná 60 speiceas éagsúil.[2] Is é Euplectes orix (an t-easpag dearg) an comhspeiceas atá aige. Tá an speiceas inaitheanta ag an chluimhreach a bhíonn ar taispeáint ag an éan goir, a mbíonn dath flannbhuírua geal agus dubh i gcodarsnacht aige. Tá sé coitianta ar fud na hAfraice Thuaidh ach tugadh isteach é freisin i gceantair sa leathsféar thiar.
Is é an gaol is gaire dó, seachas an t-easpag dearg, ná an t-easpag dubh (Euplectes gierowii), atá dúchasach don Afraic fho-Shahárach.[3] Níl aon fhospeiceas curtha síos go dtí seo den easpag dearg thuaidh. Tá tuairimíocht déanta go raibh an t-éan mar chuid de shárspeicis leis an easpag dearg (Euplectes orix ) agus Euplectes nigroventris),[2] ach ní thacaíonn sonraí móilíneacha leis an ráiteas seo.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Euplectes franciscanus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ 2.0 2.1 Arkhipov, Vladimir Yu, Leon A Bennun, David Brewer et al. 2010.
- ↑ 3.0 3.1 Silva, Thilina N. De, et al.