Ethel Merman
![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Ethel Agnes Zimmermann 16 Eanáir 1908 Astoria, New York ![]() |
Bás | 15 Feabhra 1984 76 bliana d'aois Manhattan, New York ![]() |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Brain tumor (en) ![]() |
Áit adhlactha | Shrine of Remembrance (en) ![]() ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Easpagóideach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | William Cullen Bryant High School (en) ![]() ![]() |
Teanga dhúchais | an Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Film acting (en) ![]() |
Gairm | ban-aisteoir, aisteoir teilifíse, aisteoir stáitse, scríbhneoir, amhránaí, aisteoir scannáin ![]() |
Tréimhse oibre | 1930 – |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Poblachtach ![]() |
Seánra | Popcheol |
Teangacha a labhraíonn nó a scríobhann sé/sí | An Béarla |
Cineál gutha | Meánsoprán |
Uirlis | Ceol gutha |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Robert Six (1953–1960) Ernest Borgnine (1964–1964) ![]() |
Dámhachtain a fuarthas | |
Ainmnithe do
| |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Aisteoir agus amhránaí Meiriceánach ab ea Ethel Merman (rugadh Ethel Agnes Zimmermann, 16 Eanáir, 1908 – 15 Feabhra, 1984). Tá aithne uirthi as a guth sainiúil, cumhachtach, agus as a cuid róil tosaigh in amharclannaíocht cheoil, agus tugadh “ "the undisputed First Lady of the musical comedy stage" uirthi. Le linn a gairmréime clúiteach san amharclann bhain sí clú amach as a léirithe íocónacha i seónna ar nós Anything Goes, Annie Get Your Gun, Gypsy, agus Hello, Dolly!.
Tá cáil uirthi freisin as a cuid rólanna sa scannánaíocht Anything Goes (1936), Call Me Madam (1953), There's No Business Like Show Business (1954), agus It's a Mad, Mad, Mad, Mad World (1963). I measc go leor gradam, fuair sí 'Gradam Tony don Bhan - Aisteoir is Fearr i gCeol' as a cuid taibhithe in Call Me Madam, 'Gradam Grammy' do Gypsy agus 'Drama Desk Award ' do Hello, Dolly!.
I measc na gcaighdeán go leor a thug Merman isteach i gceoldrámaí Broadway tá "I Got Rhythm" (ó Girl Crazy); "Everything's Coming Up Roses", "Some People", agus "Rose's Turn" (ó Gypsy - bhain Merman cáil amach mar Rose sa léiriúchán bunaidh Broadway sa bhliain 1959; agus ó amhráin Cole Porter "It's De-Lovely" (ó Red, Hot and Blue), "Friendship" (ó Du Barry Was a Lady), agus "I Get a Kick Out of You", "You're the Top" , agus "Anything Goes" (ó Anything Goes). D'éirigh an t-amhrán "There's No Business Like Show Business", a scríobh Irving Berlin don cheoldráma Annie Get Your Gun, ina ceol aitheantais féin di.