Ernő Jendrassik
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 7 Meitheamh 1858 Cluj-Napoca, An Rómáin |
| Bás | 21 Nollaig 1921 63 bliana d'aois Búdaipeist, An Ungáir |
| Áit adhlactha | Reilig Shráid Fiumei, jobb oldali fasírboltok (J-268) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Eötvös Loránd - míochaine (–1880) |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Míochaine agus néareolaíocht |
| Suíomh oibre | Ríocht na hUngáire |
| Gairm | dochtúir leighis, néareolaí |
| Ball de | |
| Teaghlach | |
| Athair | Jenő Jendrassik |
| Siblín | Alfréd Jendrassik |
Dochtúir Ungárach ab ea Ernő Jendrassik (7 Meitheamh 1858 – 21 Nollaig 1921). Is fearr aithne air anois as a chuid taighde ar fhrithluailí, go háirithe as seift a cheap sé chun frithluailí a láidriú, ar a dtugtar beart Jendrassik anois.
Rugadh in Kolozsvár na Trasalváine, in Impireacht na hOstaire é. Ba dhochtúir cáiliúil agus ollamh le fiseolaíocht é a athair, Jenő Jendrassik. Bhain Ernő céim sa leigheas amach ó Ollscoil Bhúdaipeist sa bhliain 1880. Foilsíodh a chéad pháipéar, Beiträge zur Lehre von den Sehnenreflexen, in 1883 agus thuill sé aitheantas áitiúil agus idirnáisiúnta mar gheall air.