Eochaid ua Flannacáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEochaid ua Flannacáin
Beathaisnéis
Breith935 (Féilire Ghréagóra)
Bás1004 (Féilire Ghréagóra)
68/69 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Cléireach agus file Éireannach ba ea Eochaidh ó Flannagáin (935–1004).

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chum Eochaidh dánta leath-stairiúla, ginealacha agus topagrafacha, níos mó ná fiche acu ar marthain. Tá go leor acu le fáil i Leabhar Gabhála na hÉireann.

Clann Sinaich ba ea a mhuintir, clann eaglasta as Ard Mhacha. Ina thásc, deirtear gurbh é ina prióir Chluain Fiacal agus Lios Aoigheadh (anaithnid). Rinneadh abb Ard Mhacha dá mhac agus roinnt dá shliochtaigh.

Fuair Eochaidh, 'airchinneach agus saoi filíochta agus seanchais,' bás sa bhliain 1004 agus é naoi mbliana is seasca d'aois[1] Cumadh rann ina onóir, ina nglaoitear 'Eochaidh an fheasa shíoraí' air.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála Uladh, AU 1004.2