English Education Act 1835

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEnglish Education Act 1835
Dáta na bliana1835 Cuir in eagar ar Wikidata

Acht reachtach de chuid Chomhairle na hIndia ab ea an English Education Act 1835, a thug éifeacht in 1835 do chinneadh an Tiarna William Bentinck, a bhí ina hArd-Ghobharnóir ar an British East India Company ag an am, cistí a athdháileadh a d'éiligh Parlaimint na Breataine go gcaithfí ar oideachas agus litríocht san India. Roimhe seo, ní raibh mórán tacaíochta tugtha acu d’oideachas traidisiúnta Moslamach agus Hiondúch ná d’fhoilsiú na litríochta sna teangacha oideachais traidisiúnta san India ag an am (Sanscrait agus Peirsis); as sin amach bhí siad chun tacú le bunaíochtaí a mhúin curaclam an Iarthair agus an Béarla mar theanga theagaisc. In éineacht le bearta eile a chuir Béarla chun cinn mar theanga riaracháin agus sna hArdchúirteanna dlí (in ionad na Peirsise, mar a bhí faoin Impireacht Mhógalach), d’fhág sé sin sa deireadh gur tháinig an Béarla ar cheann de theangacha na hIndia, seachas go simplí teanga dhúchais na rialtóirí eachtracha.