Eamhain Abhlach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Emain Ablach)

I Miotaseolaíocht na nGael, oileán miotasach parthais ab ea Eamhain Abhlach (Sean-Ghaeilge EmainEmne Ablach). Meastar go minic gurbh fhlaitheas dhia na mara Manannán mac Lir é. Samhlaítear é nó le hOileán Mhanainn nó le hEilean Arainn.

De réir an dáin mheánaoisigh Baile Suthain Sith Eamhna, tógadh an dia Lugh in Eamhain Abhlach. I ndán eile den 14ú haois, deirtear go bhfuil Eamhain Abhlach lán d'ealaí agus de chrainn iúir.[1]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní soiléir é sanasaíocht an fhocail "Emain/Emne" sa chás seo. Is féidir é a chur i gcomórtas le rí-chathair na nUladh, Emain Macha, ach anseo is 'cúpla' é brí le hEmain.[2] Thug Ptolemy "Isamnion" ar an gcathair ina Geografia den 2ú haois AD, a d'aistrigh an Ceiltíoch Heinrich Wagner mar "séard atá ag bogadh go tapaidh dá thoil féin, an sruth", fréamhaithe ón bPrótai-Ind-Eorpais *eis-, "bog go gasta".[3]

Is níos léire é "Ablach", abhlach / úllach, aball / abhaill, ubull / úll, srl.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bullock-Davies, Constance, "Lanval and Avalon," Bulletin of the Board of Celtic Studies 23, 1969, ll. 128-42.
  • Koch, John (eag.), Celtic Culture: A Historical Encyclopedia, ABC-CLIO, 2006, ll. 146-147, 677, 691, 959, 1244, 1471, 1671.
  • MacNeill, Máire, The festival of Lughnasa Comhair de Bhéaloideas Éireann, University College, 1982, lch. 6.
  • Maier, Bernhard (eag.), Dictionary of Celtic religion and culture, Boydell & Brewer, 1997, ll. 3, 156, 186.
  • Ó hÓgáin, Dáithí, Myth, legend & romance: an encyclopaedia of the Irish folk tradition, Prentice Hall Press, 1991, lch. 247.
  • Skene, William Forbes, Celtic Scotland: a history of ancient Alban, Iml. 3, Edmonston & Douglas, 1880, ll. 410ff.
  • Wagner, Heinrich, "The archaic Dind Ríg poem and related problems", Ériu, Vol. 28, 1977, ll. 1-16.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ar an doirseoir ris an deaghlaoch".
  2. 1 emon ar eDIL
  3. Wagner, lch. 13.