Eipidéimeolaíocht
Staidéar ar chúiseanna is dáileadh galar i ndaonraí. Sa 19ú céad, ionfhabhtuithe a bhí mar phríomhchúis bháis. Mar thoradh ar staidéar ar tharlú na ráigeanna i gcomhthéacs na gcúinsí sóisialta ag an am, d'éirigh leis na húdaráis bearta éifeachtacha a dhéanamh chun srian a chur leo. Mar shampla, fuarthas gur thosaigh ráigeanna calair ó uisce truaillithe, agus ráigeanna fiabhras seoil ó lámha truaillithe na lianna is na mbanaltraí. Sa 20ú céad tosaíodh staidéar ar dhíormaí chun na ceangail idir galair agus fachtóirí comhshaoil is stíl beatha a léiriú. Cruthaíodh ceangal idir ailse na scamhóg is caitheamh toitíní, agus fuarthas an-chuid eolais ar tharlú galar corónach croí i dtíortha éagsúla agus tarlú na saghsanna éagsúla ailse. Is maith an seans go gcabhróidh na léargais seo, agus tuilleadh díobh ar ghalair eile, lena seachaint nó a laghdú.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eipidéimeolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 244.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |