Jump to content

Eipeagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Eipeaghrafaíocht)
Cloch Rosetta i Músaem na Breataine
Inscríbhinn ar sheastán na deilbhe de Michel Ney ó Pháras
Tamailis inscríofa ar Theampall Brihadeshwara, Thanjavur, India.
Inscríbhinn thrítheangach de Xeirxéas I ag Van Fortress sa Tuirc

Is éard is eipeagrafaíocht (Sean-Ghréigisː ἐπιγραφή (epigraphḗ) 'inscríbhinn') ann ná staidéar ar inscríbhinní, nó eipeagrafanna, mar scríbhneoireacht; is í an eolaíocht a bhaineann le graiféimí a aithint, a mbríonna a shoiléiriú, a n-úsáidí a aicmiú de réir dátaí agus comhthéacsanna cultúrtha, agus tátail a bhaint as an scríbhneoireacht agus na scríbhneoirí. Eisiatar ón eipeagrafaíocht an tábhacht stairiúil a bhaineann leis an eipeagraf mar dhoiciméad agus an luach ealaíonta a bhaineann le cumadóireacht liteartha. Tugtar eipeagrafadóireipeagrafaí ar dhuine a úsáideann modhanna na heipeagrafaíochtha. Mar shampla, is doiciméad oifigiúil de chuid Impireacht na nAcaeiméineach é an inscríbhinn Behistun atá greanta ar charraig dhúchais ag suíomh san Iaráin. Tá eipeagrafaithe freagrach as an inscríbhinn thrítheangach a athchruthú, a aistriú agus a dhátú agus as aon chúinsí ábhartha a aimsiú. Is í obair na staraithe, áfach, na himeachtaí a thaifeadtar leis an inscríbhinn a chinneadh agus a léirmhíniú mar dhoiciméad. Go minic, is duine amháin a fhiosraíonn an eipeagrafaíocht agus na cúinsí stairiúla a bhaineann leis an eipeagraf. Is uirlis thábhachtach sa tseandálaíocht í an eipeagrafaíocht nuair a phléitear cultúir liteartha.[1] Rangaíonn Leabharlann Chomhdhála na Stát Aontaithe an eipeagrafaíocht mar cheann de eolaíochtaí cúnta na staire.[2] Cuidíonn an eipeagrafaíocht freisin le brionnú a aithint:[3] bhí fianaise eipeagrafach mar chuid den phlé a bhaineann le Cnámhlann Shéamuis.[4][5]

  1. "OPEN-ACCESS EPIGRAPHY. Electronic Dissemination of 3D-digitized. Archaeological Material" (2014): 12. 
  2. Drake, Miriam A. (2003). "Encyclopedia of Library and Information Science" 3. CRC Press. 
  3. "Forgeries and Fakes" (November 2014). The Oxford Handbook of Roman Epigraphy. Oxford Handbooks. doi:10.1093/oxfordhb/9780195336467.013.003. 
  4. Silberman, Neil Asher; Goren, Yuval (September–October 2003). "Faking Biblical History: How wishful thinking and technology fooled some scholars – and made fools out of others". Archaeology. Vol. 56, no. 5. Archaeological Institute of America. pp. 20–29. JSTOR 41658744. Aisghafa 2011-04-27.
  5. "Cóip cartlainne". Biblical Archaeology Review. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-09-07. Dáta rochtana: 2024-08-23.