Eachtra Maguire agus Lennon (Fionnachaidh, 1976)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEachtra Maguire agus Lennon
Cineáltarlú Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1976 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBaile Andarsan, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata


Bóthar Fhionnachaidh i mBéal Feirste,

Ar an 10 Lúnasa 1976, ar Bhóthar Fhionnachaidh i mBéal Feirste, scaoil Arm na Breataine Danny Lennon, ball den IRA, agus é ag tiomáint cairr ar a raibh na saighdiúiri sa tóir. Maraíodh Lennon ar an toirt.[1][2][3][4][5]

Betty Williams, ceannaire, Lucht na Síochána

Agus é marbh, sciurd an carr a raibh sé ann i dtreo Anne Maguire agus a triúr páistí, ag marú beirt acu, Joanne agus Andrew, i bpreabadh na súl. Fuair an tríú páiste, John, bás an lá ina dhiaidh. Gortaíodh an mháthair go dona agus bhí sí gan mhothú ar feadh cúpla lá, sular tháinig sí chuici féin agus tháinig ar an fhírinne.

Chuir Anne Maguire lámh lena bás féin 41 mí ina dhiaidh an eachtra.

Iarmhairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

As an fhearg ollmhór a d’eascair as an tubaiste, d’fhás gluaiseacht darb ainm Mná na Síochána nó The Peace Women (Lucht na Síochána nó The Peace People níos moille.)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tá cuntais ann atá contrártha le chéile. Ach tá a fhios go raibh Lennon ar fiannas agus ag tiomáint, agus gur mharaigh Arm na Breataine é,
  2. Robert McMillen (2014). "Mná agus Cead na Vótála" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-12-02.
  3. Betty Williams. "History – the Peace PEOPLE". www.peacepeople.com. Dáta rochtana: 2021-12-02.
  4. Betty Williams. "A New way forward for the children of the world". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-15. Dáta rochtana: 2021-12-02.
  5. Gerry Adams (1976). "Readings - In Defence Of Danny Lennon | The Ira & Sinn Fein | FRONTLINE | PBS". www.pbs.org. Dáta rochtana: 2021-12-02.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]