Eachtra Bhodaigh an Chóta Lachtna
Is scéal de chuid na Fiannaíochta é Eachtra Bhodaigh an Chóta Lachtna, scríofa as Luath-Nua-Ghaeilge san 16ú nó 17ú haois, agus caomhnaithe sa Bhailiúchán Egerton, MS 154.
Is scabhaire é an bodach, leathbhreac fireann na cailligh, aitheanta cheana ó fhoinsí na Sean-Ghaeilge, ach is é seo an t-aon téacs amháin ina shamhlaítear é le Manannán mac Lir.
Seanscéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh na Fianna a ndúshlán rása a bheith acu in aghaidh "Caol an Iarainn" marab ainm, mac rí na Teasála, ó Bhinn Éadair go cúige Mumhan. Bhí Caílte mac Rónáin, reathaí is fearr na bhFiann, ar shiúl ag Teamhraigh. Agus Fionn mac Cumhaill á lorg, bhuail sé le fathach éarthach, an bodach den teideal, a thoiligh an rás a rith ar son na bhFiann.
I dtosach, b'amhlaidh nach n-éireodh an bodach, ag dúiseacht go déanach sa ló agus an t-iomaitheoir imithe le fada. Ba léir ansin ámh gur reathaí an-tapaidh é, ag gabháil thar Caol an Iarainn faoi dhó, ach stop sé chun sméara dubha a ithe, nó ag dul ar ais fiú tar éis dó a chóta a chailleadh. In ainneoin sin, bhuaigh sé an rás gan stró, agus nochtadh níos deireanaí gur Mhanannán mac Lir faoi bhréagriocht a bhí ann.
An lá inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chóirigh James Clarence Mangan an scéal, ar cheann den chéad saothar próis d'athbheochan liteartha na Gaeilge.[1] D'eagraigh O'Grady (1892) an téacs Gaeilge agus chuir sé aistriúchán Béarla leis. D'fhoilsigh Pádraig Mac Piarais athinsint as Nua-Ghaeilge in 1906. Scríobh Edward Faragher dhá leagan as Gaeilge Mhanann dar teideal Boddagh Yn Cooat Laaghagh.[2]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bodach an Chóta Lachtna in Dictionary of Irish Mythology, Oxford Index.
- Standish Hayes O'Grady (eag.) Silva gadelica: a collection of tales in Irish with extracts illustrating persons and places, iml. 1 (1892).
- Pádraig Mac Piarais, Bodach an Chóta Lachtna (1906)