Dá chluais chapaill ar Labhraidh Loingseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is finnscéal Éireannach é Dá chluais chapaill ar Labhraidh Loingseach atá in Foras Feasa ar Éirinn. Deir an Céitinneach linn go mbíodh de cháil ar Labhraidh Loingseach cluasa a raibh an chuma orthu gur chluasa capaill iad agus go maraíodh sé éinne a mbeadh an t-eolas sin acu. Bhíodh de nós aige a ghruaig a bheith bearrtha gach bliain agus b’éigean dó crannchur a chur ar siúl le bearbóir a roghnú mar go maródh sé tar éis a gcuid oibre iad. Roghnaíodh aonmhac baintrí uair, agus d’impigh sí ar an rí gan a haonmhac a mharú. Geallann an rí gan baint dó má choinníonn sé rúnda a bhfeicfidh sé. Tar éis don ógánach an rí a bhearradh bíonn an rún ag cur as chomh mór sin dó go molann draoi dó an scéal a sceitheadh le rud éigin, agus comhairlíonn dó dul go crosaire, casadh ar dheis agus an rún a ligean leis an gcéad chrann a fheicfidh sé. Déanann an stócach mar a mhol an draoi is insíonn sé an scéal do shaileach mhór. Leis sin imíonn an tinneas uafásach a bhí ag cur as dó. I ngeall ar bhriseadh a chruite, téann Craiftine faoi choinne crann a bhaint d’fhonn uirlis úr a dhéanamh, agus tarlaíonn gurb é an crann céanna ar lig mac na baintrí a rún leis é. Nuair a bhíonn an chruit i bhfearas agus nuair a sheinneann Craiftine uirthi samhlaíonn gach éinne a chloiseann ceol na cruite gur ag canadh “Dá ó phill ar Labhraidh Lorc’[1] sé sin “Tá dhá chluais mar a bheadh ar chapall ar Labhraidh Lorc’ Nuair a chloiseann an rí an scéal seo tagann aiféala air gur mharaigh sé an oiread sin daoine ag iarraidh an t-eolas sin a cheilt, agus as sin amach thaispeáin sé a chluasa don saol mór. Deir an Céitinneach ag deireadh an scéil go gceapann sé an scéal bheith ina fhinnsceál filíochta níos mó ná mar atá sé ina scéal stairiúil. Ní mé an le teann diabhlaíochta nó as aineolas na haoise a deir se seo!

Is mór idir an leagan an Chéitiniigh agus leaganacha eile amr is rí-iondúil i dtéacs atá scríofa ag duine a fáiscaedah as an gcultúr agus an litrícoht beil.


Léaghthar ar Labhraidh Loingseach gurab cuma chluas gcapall do bhí ar a chluasaibh; agus uime sin gach aon do bhíodh ag bearradh a fhuilt, do mharbhadh do láthair é, d' fhaitchios go mbiadh fios na hainmhe sin aige ná ag aon duine eile. Fá gnáth leis iomorro é féin do bhearradh gacha bliadhna, mar atá a mbíodh ó n-a dhá chluais síos da ghruaig do theascadh dhe. Fá héigean crannchur do chur da fhios cia da roichfeadh an rí do bhearradh gacha bliadhna, do bhrígh go gcleachtadh bás do thabhairt da gach aon da mbearradh é. Acht cheana tuitis an crannchur ar aonmhac baintreabhthaighe do bhí i n-earr a haoise agus í ag áitiughadh láimh ré longphort an ríogh. Agus mar do chualaidh an crannchur do thuitim ar a mac táinig do ghuidhe an ríogh ag a iarraidh air gan a haonmhac do bhásughadh agus í taoibh ris do shliocht. Geallais an rí dhi gan an mac do mharbhadh da ndearnadh rún ar an ní do chífeadh is gan a nochtadh do neach go bás. Agus iar mbearradh an ríogh don mhacaomh do bhí tormach an rúin sin ag siadadh 'n-a chorp gur bh'éigean dó bheith i luighe othrais go nachar ghabh leigheas san bhith greim dhe. Ar mbeith i bhfad i gcróilidhe dhó tig draoi deigheolach da fhios agus innsis da mháthair gurab tormach sceoil rúnda fá hadhbhar tinnis dhó, agus nach biadh slán go nochtadh a rún do ní éigin; agus adubhairt ris ó do bhí d'fhiachaibh air gan a rún do nochtadh do dhuine dul i gcomhgar cheithre rian, agus tilleadh ar a láimh dheis agus an céadchrann do theigéamhadh dhó do agallmha, is a rún do léigean ris. Is é céadchrann tárla dhó,soileach mhór, gur léig a rún ria. Leis sin scéidhis an t-oircheas tinnis do bhí fá n-a bhroinn, go raibhe slán do láthair, ag tilleadh go teach a mháthar tar ais dó. Acht cheana go grod da éis sin tárla gur briseadh cruit Chraiftine agus téid d'iarraidh adhbhair cruite go dtárla an tsoileach chéadna rér léig mac na baintreabhthaighe a rún dó, agus beanais adhbhar cruite aiste agus ar mbeith déanta don chruit is í gléasta, mar do shinn Craiftine uirre is eadh do saoiltí ris gach n-aon da gcluineadh í gurab eadh do chanadh an chruit: ‘Dá ó phill ar Labhraidh Lorc’ .i. Labhraidh Loingseach .i. Dá chluais chapaill ar Labhraidh Lorc; agus gach a mhionca do sheinneadh ar an gcruit sin is é an ní céadna do tuigthí uaidh. Agus ar gclos an sceoil sin don rígh do ghabh aithmhéile é tré n-ar básuigheadh do dhaoinibh leis ag ceilt na hainmhe sin do bhí air, agus taispeánais a chluasa os ard don teaghlach agus níor chuir ceilt orra ó shoin amach. Is mó saoilim an chuid-se don scéal do bheith 'n-a fhinnscéal fhilidheachta ioná 'n-a stair. Agus is lé Meilge mac Cobhthaigh Chaoil m-Breagh do thuit an Labhraidh-se.

Rinneadh cluasa Mhidas a athrú i ngeall air ceapadh gurbh fhearr Pan in áit Apalló ó thaobh cúrsaí ceoil, chun a leibide is amaidí a léiriú don saol mór.