Dublinbikes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaDublinbikes
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbicycle-sharing system (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2009
UrraitheoirJCDecaux Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáindublinbikes.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: dublinbikes2go Cuir in eagar ar Wikidata

Scéim poiblí rothar ar cíos atá in obráid i mBaile Átha Cliath ón mbliain 2009 is ea Dublinbikes. Ag am an seolta, bhí 450 rothar d’fhir agus do mhná araon, arna déanadh sa Fhrainc iad,[1] ag an scéim, a raibh urraíocht déanta uirthi ag JCDecaux, agus bhí 40 ionad rothar aici.[2] Faoi 2011 mhéadaigh an méid sin go 550 rothar agus 44 ionad, agus in 2013 fógraíodh go gcuirfear borradh mór faoin scéim agus go gcuirfear 950 rothar breise agus 58 n-ionad cíosa leis.[3] Ba é Baile Átha Cliath an 17ú cathair a chuir a leithéid de scéim i bhfeidhm,[2][4] agus bhí sé amach uirthi sula i bhfad go raibh sé i measc na gcinn ab rathúla ar domhan.[5] Tá laghdú suntasach ar an dul ar cinn ag an scéim le blianta beaga anuas, áfach, agus níl ach 2 as 14 de na céimeanna a rabhthas ag súil leo chun chur leis na scéime curtha i gcríoch go deo. Faoi láthair, tá an scéim ag cailliúint €376,000 sa bhliain, rud a fhágann go bhfuil forleathnú Dublinbikes curtha ar coimeád.][6][7]

Dublinbikes

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhógair Comhairle Bhaile Átha Cliath an scéim in 2006 nuair a fuair JCDecaux 72 spás fógraíochta saor in aisce timpeall Bhaile Átha Cliathi i mbearta 15 mbliana mar chúiteamh ar chonradh go maoineodh an chuideachta fógraíochta an tionscadal.[1]Chuir cáinteoirí ina leith nach margadh maith a bhí ann nuair a chuirtear i gcomparáid leis an scéim i gCóbanhávan, abair, áit inar íoc cuideachtaí as an ndeis lógó corparáide a shocrú ar na rothair.[8] Socraíodh 450 seastán rothair i ngrúpaí de deich nó fiche i ndaichead ionad ar fud Bhaile Átha Cliath i mí na Meithimh 2009.[1] Chuaigh An Taisce i gcoinne na scéime, agus iad ag cur ina leith gurbh mhí-úsáid reachtaíochta ó thaobh údaráis áitiúil de chun forbairt príobháideach a éascú a bhí i gceist.[9]

Seoladh scéim Dublinbikes ar an 13 Meán Fómhair 2009 nuair a chuaigh timpeall 150 gnáthrothaí ag rothaíocht i sála John Tierney, Bainisteoir Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus Aindrias Montague, comhairleoir a bhí ar an aistear thar cion Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath.[2]

Fógraíodh ar an 18 Meitheamh 2014 go mbeadh Coca-Cola Zero mar pháirtnéir cumarsáide ag Dublinbikes go ceann trí bliana. Ag deireadh mhí Iúil 2014 athraíodh ainm na scéime go Coca-Cola Zero Dublinbikes agus cuireadh branda Coca-Cola Zero ar gach uile rothar as infheistíocht a dhéanamh sa scéim.[10]

Dul chun cinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh go han-mhaith leis an scéim, i bhfad ní ba mhó ná mar a rabhthas ag súil leis. Laistigh den chéad sé uaire a bhí an scéim in obráid, d’úsáid thart ar 1,000 duine na rothair, agus sa tréimhse bheag ama céana bhí síntiús chun iad a úsáid curtha isteach ag míle duine breis leis sin.[4] Chuaigh timpeall 11,000 duine isteach sa scéim laistigh den chéad coicís, rud a d’fhág nach raibh aon chártaí rannpháirtíochta fágtha i soláthar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - faic - toisc nach raibh ag an gComhairle mar sprioc le haghaidh na scéime ach go mbeadh 5,000 ag dul leis an scéim faoi dheireadh na chéad bliana.[11] Bhí iarratas curtha isteach sa scéim ag breis is 25,000 duine faoi mhí an Mhártal 2010.[12] I ndiaidh an seolta, dúirt an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, John Gormley, gur léirigh an t-ardéileamh a bhí ar an tseirbhís an bealach nua ina bhfuiltear ag díriú ar an rothaíocht mar ghníomh "príomhshrutha" in Éirinn.[4]

Laistigh den chéad deich mí ina raibh an scéim i bhfeidhm, tuairiscíodh go raibh breis is 37,000 úsáideoirí, gur úsáideadh na rothair ar bhreis is 828,000 aistear, nach tharla aon timpistí, nach ndearnadh aon loitiméireacht ar na rothair, agus nár chailleadh ach rothar amháin (agus d’aimsíodh an cheann sin, leis).[13]

Ar an 10 Bealtaine 2010 (i ndiaidh an seolta), vótáil comhairleoirí cathrach Bhaile Átha Cliath go gcuirfear suas níos mó mórchlár fógraíochta chun cuir leis na híocaíochtaí, a raibh breis is 30,000 duine ann agus suibscríobh acu (bhíothas ag súil ar 1,500 suibscríobhaí a bheith ann faoin tréimhse seo den tionscadal).[16] Fógraíodh ar 14 Lúnasa 2010 gur úsáideadh an scéim le haghaidh turais den mhilliúnú huair.[17] Faoi mhí na Bealtaine 2011, d’úsáideadh na rothair ar bhreis is dhá mhilliún aistear agus bhí an scéim tar éis leathnú ionas go raibh 550 rothar agus 44 ionad aici.[18] In 2013, fógraíodh go gcuirfear borradh mór faoin scéim agus go gcuirfear 950 rothar breise agus 58 ionad cíosa léi.[5]

Síntúisóirí
Dáta Fadtéarma Iomlán líon aistir (carnach)
18 Aibreán 2010[19] 21,134 556,497
Bealtaine 2011[20] 33,643 2,003,105
20 Aibreán 2012[21] 3,500,000
12 Eanáir 2013[22] 4,674,277
27 Samhain 2013[23] 36.636 6,037,199
13 Meán Fómhair 2014[24] 46,695 7,951,866
30 Aibreán 2015[25] 54,808 10,568,398

Costais don úsáideoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chun seirbhísí an chórais a úsáid, caithfidh an t-úsáideoir suibscríbhinn a ghlacadh, a cheadaíonn dó rothair a thógáil aon uair gur mhian leis, gan teorainn. Is féidir gurb é atá i gceist i suibscríbhinn ná Cárta Cíosa Fadtéarma ar €25, nó ticéad 3-lá ar €5. Praghsáil i bhfeidhm 6 Nollaig 2013.[26] Bíonn ar úsáideoirí a údarú go dtógfadh Dublinbikes €150 óna gcárta creidmheasa mura dtabharfar ar ais an rothar.[4] Tá an chéad leath-uair de gach uile aistear saor in aisce, tar éis sin bíonn táille sheirbhíse i gceist. Féach thíos le haghaidh struchtúr na praghsanna:

Tréimhse ama 30 nóiméad 1 uair 2 uair 3 huaire 4 huaire
An Ráta Saor in aisce  €0.50  €1.50  €3.50  €6.50

Tar éis 4 huaire, cosnaíonn gach leathuair bhreise €2. Ó thaobh na praiticiúla de, is beag nach bhfuil an córas saor in aisce ó tharlaíonn sé nach mhaireann 95% de na haistir níos mó ná 30 nóiméad.[15]

Ní ghlactar leis ach amháin le Cártaí slis agus UAP (nó cártaí eile EMV ), agus ní glactar le cártaí nach bhfuil iontu mar gléas ach stiall mhaighnéadach 

Seirbhís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Táirgeann an chuideachta rothair Fhrancach Mercier na rothair láidre san Ungáir agus coimeádann JCDecaux baill orthu. Rothair 3 ghiair atá i gceist, a bhfuil giaranna Shimano Nexus orthu gur féidir iad a athrú suas nó síos trí giarluamhán a casadh timpeall atá socraithe ar an hanla deis. Gintear cumhacht leictreach i ndineamó sa roth tosaigh le haghaidh na soilse LED siar-reatha atá socraithe ag tús agus ag cúl na rothar. Tá boinn Schwalbe Maratón orthu. I measc na gcomhpáirteanna eile, cuimsítear córas glasála, inchoigeartaithe cúlchiste diallaitstuáilte agus inchoigeartaithe,bascaed rothair, cicsheastán agus cloigín.

Tá teirminéal uathoibríoch agus seastáin le haghaidh timpeall 20 rothar ar fáil ag gach uile ionad. Ag tús na scéime, bhí ceithre theirminéal déag a raibh gléas cárta creidmheasa iontu lenarbh fhéidir ticéad 3 lá a cheannach ann.

Ionaid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag am an tseolta in 2009 bhí 40 ionad agus 450 rothar.[29] Cuireadh síneadh beag leis chun críche in 2011, a d’fhág go raibh 4 ionad nua agus 100 rothar bhreise curtha leis.[30] I mí Aibreáin 2013 fógraíodh seift chun an líonra a mhéadú go mbeadh 102 ionad ann agus go méadófar an líon rothar ó 550 go 1500.[31]

Ainm Uimh. an Ionaid Méid spás (rothar) Dáta seolta Láthair
Sráid na Bearú 70 40 22 Aibreán 2014[32] 53.34164°N 6.23622°W
Sráid Benson 90 40 21 Feabhra 2014 53.34404°N 6.23347°W
Plás Blackhall 88 30 8 Bealtaine 2014 53.34879°N 6.28165°W
Sráid Bhaile Coimín 2 20 13 Meán Fómhair 2009[24] 53.35680°N 6.26818°W
Sráid Bolton 3 20 13 Meán Fómhair 2009[24] 53.35108°N 6.26983°W
Bóthar Ghort an tSrutháin 84 30 26 Bealtaine 2014 53.33902°N 6.30018°W
Sráid Chathail Brugha 24 20 13 Meán Fómhair 2009[24] 53.35208°N 6.26056°W
Sráid Charlemont 5 40 13 Meán Fómhair 2009[24] 53.33069°N 6.25996°W
Sráid Chatham 1 29 13 Meán Fómhair 2009[24] 53.34090°N 6.26233°W
Plás Theampall Chríost 6 20 13 Meán Fómhair 2009[24] 53.34341°N 6.27003°W
Cé na Cathrach 99 30 27 Márta 2014 53.34666°N 6.24616°W
Sráid Chluain Meala 54 33 27 Samhain 2013 53.33609°N 6.26239°W
Ard-Mhúsaem, Beairicí Uí Choileáin 87 38 5 Lúnasa 2014 53.34750°N 6.28522°W
An Ionad Comhdhála 65 40 28 Samhain 2013 53.34739°N 6.23864°W
An Teach Custaim 23 30 13 Meán Fómhair 2009 53.34822°N 6.25400°W
Cé Theach an Chustaim 8 30 13 Meán Fómhair 2009 53.34804°N 6.24791°W
Cúirt an Dáma á thógáil
Sráid an Dáma 10 16 13 Meán Fómhair 2009 53.34400°N 6.26652°W
Sráid na Danmhairge Mhór 59 20 3 Márta 2014 53.35559°N 6.26113°W
Plás Deverell 45 30 27 Samhain 2013 53.35144°N 6.25523°W
Ardán Phort an Iarla 11 30 13 Meán Fómhair 2009 53.33447°N 6.25837°W
Sráid Eccles 12 20 13 Meán Fómhair 2009 53.35918°N 6.26932°W
Sráid Eccles Thoir 79 27 8 Bealtaine 2014 53.35810°N 6.26560°W
Bóthar Emmet á thógáil
Sráid an Chiste 9 24 13 Meán Fómhair 2009 53.34304°N 6.26356°W
Siúlán an Mháil 48 40 27 Samhain 2013 53.34796°N 6.24801°W
Sráid na bhFíníní 63 35 27 Samhain 2013 53.34148°N 6.24660°W
Cearnóg Mhic Liam Thoir 89 40 15 Aibreán 2014 53.33520°N 6.25092°W
Cearnóg Mhic Liam Iarthar 13 30 13 Meán Fómhair 2009 53.33588°N 6.25270°W
Sráid San Proinsias 73 30 22 Aibreán 2014[32] 53.34210°N 6.27523°W
Sráid Fhreidric Theas Á thógáil
Sráid Fownes Uachtarach 14 30 13 Meán Fómhair 2009 53.34455°N 6.26359°W
Duga Sheoirse á thógáil
Cé Sheoirse 16 20 13 Meán Fómhair 2009 53.34747°N 6.25232°W
Lána Órga 17 20 13 Meán Fómhair 2009 53.34076°N 6.26752°W
Duga na Canálach Móire 69 40 21 Feabhra 2014 53.34283°N 6.23842°W
Sráid Grantham 18 30 13 Meán Fómhair 2009 53.33407°N 6.26547°W
Sráid Grattan 57 23 27 Samhain 2013 53.33959°N 6.24369°W
Sráid na Gréigise 4 20 13 Meán Fómhair 2009 53.34687°N 6.27303°W
Sráid na nGildeanna 49 40 11 Lúnasa 2014 53.34797°N 6.24091°W
Cé Hanover 68 40 21 Feabhra 2014 53.34410°N 6.23708°W
Ardán Fhearchair 41 20 6 Eanáir 2011[33] 53.33257°N 6.25783°W
Plás Hardwicke 61 25 15 Aibreán 2014 53.35708°N 6.26315°W
Sráid Hardwicke 15 16 13 Meán Fómhair 2009 53.35563°N 6.26432°W
Sráid Haiste 55 36 29 Lúnasa 2014 53.33404°N 6.26076°W
Plás Hoirbeaird 19 30 13 Meán Fómhair 2009 53.33474°N 6.24514°W
Sráid Hoirbeaird 47 40 3 Samhain 2014 53.33576°N 6.24553°W
Droichead Heuston (Thuaidh) 92 40 5 Lúnasa 2014 53.34784°N 6.29241°W
Droichead Heuston (Deisceartach) 100 25 5 Lúnasa 2014 53.34710°N 6.29203°W
Stáisiún Heuston (Carrchlós) 94 40 5 Lúnasa 2014 53.34699°N 6.29779°W
Stáisiún Heuston (Lárnach) 93 40 5 Lúnasa 2014 53.34662°N 6.29688°W
An tSráid Ard 7 29 13 Meán Fómhair 2009 53.34344°N 6.27462°W
Sráid San Shéamais 75 40 25 Lúnasa 2014 53.34346°N 6.28738°W
Sráid San Shéamais Thoir 20 30 13 Meán Fómhair 2009 53.33652°N 6.24800°W
Sráid Jervis 40 21 13 Meán Fómhair 2009 53.34825°N 6.26649°W
Sráid Eoin Thiar 72 31 8 Bealtaine 2014 53.34310°N 6.27716°W
Sráid Chaoimhín 71 40 5 Lúnasa 2014 53.33778°N 6.26774°W
Príosún Chill Mhaighneann 97 40 29 Lúnasa 2014 53.34211°N 6.31001°W
Lána Chill Mhaighneann á thógáil
Sráid an Rí Thuaidh 101 30 3 Meitheamh 2014 53.35029°N 6.27347°W
Sráid Laighean Theas 21 30 13 Meán Fómhair 2009 53.34212°N 6.25435°W
Sráid an Aoil 62 40 30 Eanáir 2014 53.34604°N 6.24363°W
Sráid an Mhargaidh Theas 76 38 10 Iúil 2014 53.34237°N 6.28767°W
Ospidéal an Mater 78 40 23 Iúil 2014 53.36009°N 6.26482°W
Cearnóg Mhuirfean Thoir 25 30 13 Meán Fómhair 2009 53.33908°N 6.24696°W
Cearnóg MhuirfeanThiar 26 20 13 Meán Fómhair 2009 53.33994°N 6.25169°W
Sráid Molesworth 27 20 13 Meán Fómhair 2009 53.34122°N 6.25753°W
Cnocán an Bhrúnaigh 82 22 26 Bealtaine 2014 53.34166°N 6.29718°W
Cearnóg MhuirfeanThiar 28 30 13 Meán Fómhair 2009 53.35638°N 6.25859°W
Sráid an Mhóta Íochtarach 56 40 27 Samhain 2013 53.33788°N 6.24160°W
An Bhanc Ceannais Nua 66 40 17 Eanáir 2014 53.34715°N 6.23419°W
Teach Newman 53 40 7 Aibreán 2014 53.33705°N 6.26007°W
An Cuarbhóthar Thuaidh 60 30 26 Márta 2014 53.35965°N 6.26049°W
Sráid Oliver Bond 74 30 8 Bealtaine 2014 53.34393°N 6.28051°W
Cé Urumhan Uachtarach 29 29 13 Meán Fómhair 2009 53.34608°N 6.26827°W
Sráid Gheata na Páirce 86 38 5 Lúnasa 2014 53.34799°N 6.29188°W
Cearnóg Parnell Thuaidh 30 20 13 Meán Fómhair 2009 53.35373°N 6.26533°W
Sráid Pharnell 31 20 13 Meán Fómhair 2009 53.35079°N 6.26554°W
Sráid an Phiarsaigh 32 30 13 Meán Fómhair 2009 53.34430°N 6.25063°W
Sráid an Phrionsa / Sráid Uí Chonaill 33 23 13 Meán Fómhair 2009 53.34900°N 6.26049°W
Calafort Phortobello 34 30 13 Meán Fómhair 2009 53.33037°N 6.26510°W
Bóthar Phortobello 43 30 9 Márta 2011[34] 53.33002°N 6.26817°W
An tOspidéal Ríoga 95 40 29 Lúnasa 2014 53.34388°N 6.29706°W
Sráid Sandwith 64 40 24 Eanáir 2014 53.34524°N 6.24753°W
Sir Patricks Dun's 58 40 7 Aibreán 2014 53.33926°N 6.24077°W
Margadh na Feirme 35 30 13 Meán Fómhair 2009 53.34742°N 6.27822°W
Margadh na Feirme Thuaidh 42 30 6 Eanáir 2011[33] 53.34963°N 6.27780°W
Bóthar an Duga Theas 91 30 22 Aibreán 2014 53.34185°N 6.23128°W
Ospidéal San Séamas (Lárnach) 81 40 26 Bealtaine 2014 53.33997°N 6.29562°W
Ospidéal San Séamas (Luas) 80 40 10 Iúil 2014 53.34136°N 6.29293°W
Sráid na Trá Mhór 46 35 27 Samhain 2013 53.34713°N 6.26384°W
Faiche Stiabhna Thoir 36 40 13 Meán Fómhair 2009 53.33783°N 6.25611°W
Faiche Stiabhna Dheas 37 30 13 Meán Fómhair 2009 53.33749°N 6.26169°W
Sráid Thalbóid 38 40 13 Meán Fómhair 2009 53.35106°N 6.25266°W
An tIosta 67 40 17 Eanáir 2014 53.34685°N 6.23076°W
Sráid Chnoc na Lobhar 22 20 13 Meán Fómhair 2009 53.34593°N 6.25455°W
Sráid Sherrard Uachtarach 44 30 9 Márta 2011[34] 53.35841°N 6.26049°W
Bealach an Iarthair 102 40 10 Iúil 2014 53.35494°N 6.26940°W
Ardán Wilton 39 20 13 Meán Fómhair 2009 53.33230°N 6.25271°W
Sráid Wolfe Tone 77 29 3 Meitheamh 2014 53.34886°N 6.26741°W
Sráid Eabhrac (Thoir) 52 32 27 Samhain 2013 53.33874°N 6.26206°W
Sráid Eabhrac (Iarthar) 51 40 27 Samhain 2013 53.33931°N 6.26477°W
Teirminéal uathoibríoch Dublinbikes

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Rosita Boland (13 June 2009). "Dublin's long-awaited wheel deal on track for September roll-out"The Irish Times. Retrieved 10 March 2010.
  2. 2.0 2.1 2.2 "2,000 join Dublin bicycle scheme". Raidió Teilifís Éireann. 13 September 2009. Retrieved 10 March 2010.
  3. Olivia Kelly (11 May 2013). "Deal agreed to increase Dublin bicycles service"The Irish Times. Retrieved 11 May 2013.
  4. 4.0 4.1 "Gormley hails Dublin bike scheme" Curtha i gcartlann 2013-01-03 at Archive.todayThe Irish Times. 13 September 2009. Retrieved 10 March 2010.
  5. Maria Daly (4 August 2011). "What's the secret of the Dublin bike hire scheme's success?"The Guardian. Retrieved 11 May 2013.
  6. http://www.dublininquirer.com/2016/02/24/as-the-dublinbikes-scheme-stalls-is-it-time-for-a-new-funding-plan/
  7. https://lovindublin.com/news/dublin-bikes-funding-has-hit-a-wall
  8. Colin Coyle and Ruadhan MacEoin (24 August 2008). "Dubliners taken for a ride"The Sunday Times. London. Archived from the original on 5 June 2011. Retrieved 10 March 2010.
  9. "Advert sites to fund bike scheme approved"The Irish Times. 7 July 2010.
  10. http://www.dublinbikes.ie/Magazine/News/Coca-Cola-Zero-partners-with-dublinbikes
  11. Dick O'Brien (4 October 2009). "Bike rental scheme overwhelmed by applications"The Sunday Business Post. Retrieved 10 March2010.
  12. Eilish O'Regan (8 March 2010). "Set the wheels in motion to extend your life cycle". Irish Independent. Retrieved 10 March2010.
  13. "More than 37,000 use bike scheme"The Irish Times. 9 August 2010. Retrieved 10 August 2010.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]