Droichead tógála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Droichead tógála

Is éard is droichead tógála ann ná droichead inardaithe a fhaightear de ghnáth ar an mbealach isteach i gcaisleán nó i dtúr a bhfuil móta ina thimpeall.

Soláthraíonn droichead tógála bealach isteach i gcaisleáin nó i struchtúir chosanta nuair a íslítear é, ach is féidir é a ardú go tapa ón taobh istigh chun bac a chur ar namhaid atá ag iarraidh ionsaí a dhéanamh.