Jump to content

Droichead Suramadu

Droichead Suramadu
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálDroichead staghcháblaí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla10 Meitheamh 2009 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Tomhas146 (airde) × 5,438 (fad) m
Trasnaíonn séMadura Strait (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinSurabaya, An Indinéis Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 7° 11′ 00″ S, 112° 46′ 49″ E / 7.1833°S,112.7803°E / -7.1833; 112.7803

Droichead idir Surabaya, ar an oileán Iáva, agus an baile Bangkalan, ar an oileán Madura, san Indinéis is ea Droichead Suramadu (Indinéisis: Jembatan Suramadu), nó Droichead Surabaya-Madura.

Tá dhá bhóithrín i ngach treo agus bóithrín éalaithe ag an droichead. Ar leataobh tá bóithrín do ghluaisrothair ann. Tá an droichead 5.4 ciliméadar ar fad, an droichead is faide san Indinéis.

Cuireadh tús le tógáil an droichid ar 20 Lúnasa 2003. In Iúil 2004, thit cearchaill go talamh agus maraíodh oibrí amháin agus gortaíodh naonúr eile. Stad an oibriú ag deireadh 2004 de bharr easpa maoine, ach d'atosaigh siad an obair i Samhain 2005. Osclaíodh an droichead ar an 10ú Meitheamh, 2009. 4.5 trillion rupiah (US$445 million) an costas iomlán ar an scéim.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]