Donnchadh Ó Laoghaire (ollamh)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Timire, scríbhneoir agus ollamh Éireannach ab ea Donnchadh Ó Laoghaire (21 Eanáir 1877 - 3 Aibreán 1944).

I nDoire an Chuilinn, Baile Bhuirne, a rugadh Donnchadh ar 21 Eanáir 1877. Le Gaeilge amháin a thóg a thuistí, Donnchadh Ó Laoghaire agus Peig Ní Bhuachalla, é. D’fhreastail sé ar Bardinch National School (Gaeilge: Scoil Bharr Duínse) áit ar múineadh daltaí go heisiach trí mheán an Bhéarla.

Bhí feirm bheag ag a mhuintir agus d'obair sé ann go dtí 1899 ach ó 1898 i leith bhí sé ag cur suime i scríobh na Gaeilge.

Fuair sé post sclábhaí i gCorcaigh le muintir Dwyer, Beamish & Crawford. B’fhéidir gurbh é Seán Ó Faoláin (Johnny Wayland), an píobaire cáiliúil a bhunaigh Cumann Píobairí Chorcaí in 1898, a d’áitigh air aistriú go Corcaigh. Ó Sheán a d’fhoghlaim sé an phíb uilleann. Ceoltóir maith a bhí ann. Sheinn sé ag Coirm Cheoil na Féile Pádraig i Halla na Banríona, Londain, in 1907. Ba mhaith a sheinneadh sé ar an gcláirseach agus ar an bhfliúit freisin. D’oireadh sé dá ghnó go minic dreas a sheinm i ndiaidh óráide ag feis nó le linn dó bheith ag timireacht. Bhí sé sách maith chun go n-iarrfaí go minic air craoladh ar Radio Éireann ó 1926 i leith.

I measc na leabhar a d’aistrigh sé ó Bhéarla go Gaeilge tá: Eachtraí an Ghiolla Mhóir (1936) (Swift); Eachtra an Impire agus a chuid éadaigh (1939) (Grimm agus Anderson); Feoil agus Ceol (1939) (Anderson); An Fáinne Draoidheachta (1939); Lios na Sídhe (1939). D'aistrigh sé La Perle noir le Victorien Sardou ón bhFraincis go Gaeilge (1952)