Jump to content

Donnchadh Ó Giolla Phádraig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDonnchadh Ó Giolla Phádraig

Taoiseach Éireannach ba ea Donnchadh Ó Giolla Phádraig (- 1249). Bhí baint aige le hOsraí (Contae Chill Chainnigh agus Contae Laoise) agus mharaigh na “Gaill” (coilínigh Angla-Normannacha) é in éiric a ndearna sé de mharú agus de chreach ina measc.

Bhí sé de chlú air go rachadh sé ag brath na mbailte margaidh agus é i riocht bochtáin, saoir, tornóra (i.e. deileadóir), file nó ceannaí, agus cumadh burdún ina thaobh.

Donnchadh Ó Giolla Phádraig .i. mac Anmchadha mhic Dhonnchaidh d'Osraíbh do mharbhadh le Gallaibh. Do dhligh Gaill é sin, óir ba mhór do mharbh, do loisc agus do léirigh díobh go sin. Ba é an Donnchadh seo an treas Gael ba mhó do fhoghladh orthu, .i. Conchúr Ó Maoileachlainn, Conchúr na gCaisleán Mac Cochláin agus Mac Anmchadha .i. an Donnchadh seo. Óir is é do théadh do bhrath na mbailte margaidh i gcruth duine bhoicht nó saoir nó tornóra nó [fir] ealaíona, nó do dhéanamh ceirde ceannaí, amhail dúradh:[1]
Bíonn [sé] ‘na shaor, bíonn ‘na thornóir,
bíonn mo laogh[2] ‘na leabhróir;[3]
bíonn ag reic fíona is craicinn,
mar a bhfaiceann sé searmóin.[4]
  1. CELT: The Corpus of Electronic Texts: Annála na gCeithre Máistrí, M1249.10: https://celt.ucc.ie/published/G100005C/index.html
  2. Mo ghrá
  3. Fear léinn
  4. Cruinniú daoine, faoi mar a bheidís ag éisteacht le seanmóir