Don Juan
Cuma
| Cineál | conceptual character (en) carachtar liteartha carachtar scannáin carachtar ceoldrámaíochta duine ficseanúil |
|---|---|
| Comhthéacs | |
| I saothar | Don Giovanni, El burlador de Sevilla y convidado de piedra, Don Juan, Don Juan (en) |
| Dáta | |
| Inscne | fireann |
| Slí bheatha | promiscuity (en) |

Is éard atá i gceist le Don Juan (Iodáilis: Don Giovanni) ná carachtar an bhanaí i saothair áirithe de chuid na litríochta Spáinnise.
Ba é an drámadóir Spáinneach Tirso de Molina ba thúisce a d'inis scéal Don Juan sa dráma úd El burlador de Sevilla ("An Banaí i Sevilla"). Níos déanaí, tharraing a lán scríbhneoirí eile sa Spáinn agus i dtíortha eile ar mhianach an scéil. Samplaí iad José de Espronceda, a bhreac síos an dán úd Estudiante de Salamanca ("An Mac Léinn ó Salamanca") sa bhliain 1840, agus José Zorrilla, ar tháinig a dhráma Don Juan Tenorio amach cúpla bliain i ndiaidh dhán Espronceda.
Thairis sin, scríobh Byron agus Molière saothair faoi Don Juan. Tá Don Giovanni, an ceoldráma le Mozart, bunaithe ar an téama céanna freisin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |