Domhnall Ó Máille (II)
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 11 Samhain 1337 (Féilire Ghréagóra) |
Rí Umhaill ba ea Domhnall Rua Ó Máille, (bás 11ú Samhain 1337[1]).
De shliocht Mhaille mhic Conaill ba ea Domhnall. Deirtear gurbh é Bhrian mac Domhnaill Ó Máille a athair, agus go raibh deartháir aige darbh ainm Diarmaid. Bhí ar a laghad triúr mac ag Domhnall: Cormac, Brian agus Tadhg.[2]
Tharla achrann i gcúige Connacht sna 1330í de bharr Burke Civil War.[3] Is amhlaidh gur maraíodh Domhnall agus a mhac Cormac sa choimhlint. Deirtear i nAnnála na gCeithre Máistrí:[4]
- Domhnall Ruadh Ó Maille & Corbmac a mac do marbhadh la Cloinn Mebric, & do Ghallaibh oile immaille friu oidhche Fhele Stephain.
Bhí ceathrar mac ag Cormac, mar a bhí Maol Seachlainn, Maghnus, Eoghan agus Muireadhach, agus ní fheictear a shliochtaigh sna ginealaigh atá ar marthain. Is amhlaidh go ndeachaigh sliochtaigh Dhomhnaill Rua i léig, agus gur tháinig sliochtaigh Eoghain mhic Dhiarmada Uí Mháille, nia Domhnaill, ina n-ionad. Bhí beirt mhac déag sa chlann ag Eoghan, agus meastar gur dá mhuintir iad gach rí Umhaill as sin amach.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Annála na gCeithre Máistrí
- T. H. Knox, The History of Mayo, ll. 388–89, 1908.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1337.9
- ↑ Knox, lch. 388
- ↑ Knox, lch. 134
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1337.9
Réamhtheachtaí Domhnall Ó Máille (I) |
rí Umhaill ?–1337 |
Comharba Domhnall Ó Máille (III) |