Dlíthe imchoimeádta
Cuma
Sa bhfisic, na rialacha a chuireann síos ar airíonna is cainníochtaí a fhanann tairiseach trí phróiseas áirithe fisiciúil. Tá na dlíthe seo bunúsach don fhisic, agus bíonn dlíthe uile na fisice bunaithe ar phrionsabail imchoimeádta. Ar an taobh eile baineann dlí imchoimeádta le siméadracht sa chóras. Mar shampla, baineann dlí imchoimeád an fhuinnimh (an dlí imchoimeádta is tábhachtaí, b'fhéidir) le siméadracht an chórais fhisiciúil faoi aistriú thar am. Éiríonn dlí imchoimeád an mhóimintim le siméadracht san aistriú thar spás. I bhfisic na gcáithníní, scríobhtar idirghníomhuithe coimpléascacha i dtéarmaí uimhreacha candamacha aisteacha a imchoimeádtar.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dlíthe imchoimeádta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 217.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |