Dlí Godwin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mike Godwin

Is ionann Dlí Godwin (nó Riail Godwin ar Chomparáidí le Naitsithe) agus nath a chruthaigh Mike Godwin sa bhliain 1990. Deir an dlí seo:

Dá fhad is a leanann díospóireacht idirlín ar aghaidh, is ea is mó an dóchúlacht go ndéanfar comparáid leis na Naitsithe nó le Hitler.

Mike Godwin <godwin@eff.org>

Luaitear Dlí Godwin go minic i ndíospóireachtaí idirlín mar rabhadh, le cur i gcoinne reitric ghríosaitheach nó comparáidí áiféiseacha.

Ní dhéanann an riail seo aon bhreithiúnas ar oiriúnacht na tagartha nó na comparáide ar leith le Hitler nó leis na Naitsithe, ach dearbhaíonn sí gur mó an dóchúlacht go bhfuil a leithéid le teacht. Is ar an mbunús go mbeadh a leithéid de chomparáid oiriúnach i gcásanna áirithe, go mba cheart ró-úsáid na gcomparáidí le Naitsithe agus Hitler a sheachaint, mar go maolaíonn siad éifeacht comparáide dlisteanaí, dar le Godwin.

Cé gur ceapadh Dlí Godwin ar dtús le haghaidh na ndíospóireachtaí ar Usenet newsgroup, tá an dlí á lua anois le haghaidh díospóireacht shnáithithe ar bith ar líne: liostaí ríomhphoist, cláir teachtaireachtaí, seomraí cainte agus le déanaí, ar shnáitheanna ráiteas ar bhlaganna agus leathanaigh cainte vicí.


Samplaí agus úsáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá traidisiún ann i go leor de na grúpaí nuachta agus i bhfóraim díospóireachta idirlín, go bhfuil deireadh na feide bainte amach ag an snáithe chomh luath is a dhéantar a leithéid de chomparáid agus go bhfuil an argóint "caillte" ar an bpointe boise ag an duine a luaigh na Naitsithe. Tugtar Dlí Godwin ar a leithéid de phrionsabal go minic. Is tuairim choitianta í gur drochbhéas é a leithéid de chomparáid a dhéanamh d'fhonn deireadh a chur leis an díospóireacht.

Ach is féidir mí-úsáid a bhaint as Dlí Godwin, mar ábhar seachráin nó cur i gcéill, a dhéanann iarracht argóint an chomhraic chéile a léiriú mar áibhéil, go háirithe má tá na comparáidí atá á ndéanamh don argóint, oiriúnach don chás. Mhaígh alt san irisleabhar Reason, go mbíonn mí-úsáid á baint as Dlí Godwin chun a bheith ag magadh faoi chomparáidí a bhfuil fiúntas leo go minic.

Sa chultúr coiteann[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cuireadh ceist faoi Dhlí Godwin uair amháin, ar an gclár quiz teilifíse Briotanach University Challenge sa bhliain 2005.
  • In eagrán den ghreannán idirlín le Randall Monroe, xkcd, sa bhliain 2007, léiríodh oifigigh na gComhghuaillithe agus iad ag iarraidh plé a dhéanamh ar bheartaíocht mhíleata Chumhachtaí na hAise, ach gur tháinig Dlí Godwin isteach sa scéal.
  • Sa bhliain 2007, thug Slashdot faoi deara go raibh Dlí Godwin bainteach le haighneas sár-phoiblí fadálach idir bunaitheoir Linux, Linus Torvalds agus an togra GNOME.
  • Sa bhliain 2007, dúirt The Economist gur "riail mhaith í sa chuid is mó díospóireachtaí, go bhfuil an argóint caillte ar an bpointe boise ag an té a ghlaonn Naitsí ar dhuine eile san argóint."
  • In eagrán The Smithsonian ó Dheireadh Fómhair 2007, bhí sé le rá ag colúnaí an "Last Page", má dhéanann do chomhrac céile comparáid le Hitler nó leis na Naitsithe atá míchuí, "Ní gá duit ach 'Dlí Godwin' a rá, chun go n-osclóidh comhla thógala faoi agus go dtitfidh do chomhrac céile isteach i linn de chrogaill ocracha."
  • San eagrán den iris Wired ó Dheireadh Fómhair 2007 agus ar a suíomh gréasáin, tá "Geekipedia" foilsithe acu a bhfuil iontráil ann le haghaidh Dlí Godwin, sa chuid darb ainm "daoine, áiteanna, smaointí agus treochtaí is gá a bheith ar eolas agat anois."

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]