Diane Ní Chanainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDiane Ní Chanainn
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáindianecannonmusic.com Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceoltóir í Diane Ní Chanainn. Tógadh í i dteaghlach a raibh an ceol lárnach ann riamh.[1] Bhí ceol ar an teallach agus ag a muintir ar fad ar a ndá thaobh. Chuir sí suim i ngach cineál ceoil idir cheol uirlise agus amhránaíocht. D'fhoghlaim sí an dóigh leis an bhfidil a bhualadh ó Phroinsias Ó Maonaigh agus bíonn sí ag gabháil di i gcónaí.

Thug Diane léi príomhdhuais an Oireachtais i gcomórtas sinsearach na mban don amhránaíocht ar an sean-nós sa bhliain 2015.

Sheol Diane Ní Chanainn a céad albam sa bhliain 2019, dar teideal 'Idir Muir agus Sliabh'.

D'fhógair an Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola go bhfuil Diane Ní Chanainn ina hAmbasadóir na Gaeilge don cheantar sa bhliain 2020/2021.[2]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Idir Muir agus Sliabh: Traditional Irish Songs | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-24. Dáta rochtana: 2020-10-04.
  2. "An t-amhránaí aitheanta Diane Ní Chanainn ceaptha ina hambasadóir teanga ina ceantar dúchais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-04.