Diúcacht Württemberg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDiúcacht Württemberg

Suíomh
Tír stairiúilAn Impireacht Naofa Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairStuttgart Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Teanga oifigiúilAn tSuáibis Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síContae Württemberg Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1495
Díscaoileadh1803
Á leanúint agRíocht Württemberg Cuir in eagar ar Wikidata

Diúcacht ab ea Diúcacht Württemberg (Gearmáinis: Herzogtum Württemberg) a bhí suite sa chuid thiar theas d’Impireacht Naofa Rómhánach. Bhí sí ina ball d’Impireacht Naofa Rómhánach ó 1495 go 1806. Bhí marthanas fada na diúcachta le breis agus trí chéad bliain go príomha mar gheall ar a méid, agus í a bheith níos mó ná a dlúthchomharsana. Le linn an Reifirméisin Protastúnaigh, bhí brú mór ar Württemberg ó Impireacht Naofa Rómhánach fanacht ina ball. Chuir Württemberg i gcoinne ionradh na Fraince arís agus arís eile sa 17ú agus san 18ú haois. Bhí Württemberg díreach i mbealach arm na Fraince agus na hOstaire a bhí i mbun na hiomaíochta fada idir Teaghlach na mBúrbónach agus Teaghlach Hapsburgach. Sa bhliain 1803, thug Napoléon ardú céime don duchtacht, as seo amach bhí sí le bheith ina Toghthóir Württemberg, d’Impireacht Naofa Rómhánach. Ar 1 Eanáir 1806, ghlac an Toghthóir deireanach an teideal Rí Württemberg. Níos déanaí sa bhliain sin, an 6 Lúnasa 1806, chuir an tImpire deireanach, Francis II, deireadh le (de facto) Impireacht Naofa na Róimhe.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]