Deasc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Deasc nua-aimseartha churtha in oiriúint do ríomhaire.

Is troscán é deasc a dhéantar obair uirthi (tugtar crinlín air uaireanta). Is cineál clár nó bord é deasc. Baintear feidhm as chrinlín chun léamh, scríobh nó dul i mbun ríomhaireachta. Is féidir deasc a bheith sa bhaile nó in oifig nó ionad oibre eile amhail óstán. De ghnáth bíonn tarraiceáin ag deasc chun rudaí a chur i dtaisce iontu. De ghnáth, suíonn daoine ar thaobh amháin den deasc. Dé ghnáth bíonn siad íseal ionas go mbeidh siad oiriúnach do dhaoine agus iad ina suí ach is féidir deasca arda a fháil freisin. Déantar d'adhmad deasc de ghnáth. Cuirtear deasca in oiriúint do ríomhairí sa lá atá inniu ann. Bíonn poill iontu chun sreanga a chur i bhfolach nó as an mbealach. Bíonn tarraiceán ann don méarchlár.