Dathú cosanta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Patrún dathanna ar ainmhí a chabhraíonn len é a chosaint. I ndathú duaithne, meascann an patrún leis an timpeallacht. I ndathú suaiteach, moillítear aithint ainmhí mar tarraingítear aird an fhoghlaí ar airí nó dhó den phatrún. Bíonn dathú rabhaidh feiceálach, agus léiríonn airíonna do-ite nimhiúla nó díobhálacha an ainmhí don fhoghlaí len é a éaradh.