Darfur

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDarfur

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 13°N 25°E / 13°N 25°E / 13; 25
Stáitan tSúdáin Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán7,515,445 (2008) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús14.94 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla503,180 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Campa dídeanaithe - Darfur

Ceantar mór in iarthar na Súdáine í Darfur. Tá sí ag críochantaíocht leis an Libia, le Sead, agus le Poblacht na hAfraice Láir. Tá Darfur roinnte ina trí stát cónascacha, mar atá: Gharb Darfur (Darfur Thiar), Janub Darfur (Darfur Theas), agus Shamal Darfur (Darfur Thuaidh).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón mbliain 1820 i leith, chuaigh rialtas Tuirceach-Éigipteach an Cheidív i gCaireo - an rialtas ar a dtugtar Turkiyya - i seilbh Darfur chomh maith le cuid mhaith eile de chríocha na Súdáine, i dtuaisceart na tíre ach go háirithe. D'éirigh na Súdánaigh amach i gcoinne an rialtais seo, agus Muhammad Ahmed i gceannas orthu. Thug Muhammad Ahmed Mahdaí air féin. Cineál figiúr Meisiasach é an Mahdaí san Ioslam, go háirithe san Ioslam Sítheach. Sa bhliain 1885, bhain lucht leanúna an "Mhahdaí" neamhspleáchas amach, ach ní raibh muintir Darfur róshásta leis an rialtas Mahdaíoch.

D'fhan an rialtas seo ag rialú na tíre go dtí na blianta 1898-1899. Ar an dara lá de Mhí Mheán Fómhair, 1898, d'éirigh le fórsaí Angla-Éigipteacha faoi cheannas an tSiordáir Horatio Kitchener comharba an Mhahdaí, Abdallahi ibn Muhammad, a chur ó chumhacht i ndiaidh Chath Omdurman, cath a bhris Kitchener ar na hAnsar ("Na Cúntóirí" as Araibis), mar a thugtaí ar an arm Mahdaíoch. Sna blianta ina dhiaidh sin, cuireadh an tSúdáin ar fad faoi chois an rialtais Angla-Éigiptigh. Bhí an rialtas nua sásta saghas neamhspleáchais a thabhairt do Darfur faoin Sabhdán Ali Dinar. Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, áfach, rith leis na Sasanaigh go bhféadfadh na Turcaigh muintir Darfur a spreagadh chun ceannairce, agus bhain siad an neamhspleáchas sin den tSabhdánacht arís sa bhliain 1916.

Bratach

An t-ocras i nDarfur[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna hochtóidí, rinne Alex de Waal taighde ar an ngorta i nDarfur (De Waal, 1988, 1989), áit a raibh sé ag obair don chumann carthanais úd Save the Children (UK). Chonaic sé le súile a chinn féin an gorta mór a bhí ag dul ar fud na Súdáine sna blianta 1984-1985 agus an dóigh ar fhreagair muintir Darfur ar chruachás an ghorta. Ina chuid scríbhinní taighde, thug sé cur síos ar dhá chineál gorta, mar atá, an gorta marfach agus an gorta nach bhfuil ann ach an síorocras. B'é an tátal a bhain sé as an scéal go raibh a gcuid straitéisí féin ag muintir Darfur leis an dara cineál gorta a sheasamh. Ní raibh cogadh cathartha ar siúl i nDarfur san am sin, agus b'é an cogadh ba mhó a tharraingíodh an gorta ar an gceantar.

Na ba

Ní raibh aithne an chogaidh ach ar Dar Masalit in iarthar Darfur, áit a raibh tuairim is 120,000 duine ó Shead ar lorg dídine. Bhí na daoine seo ní ba mheasa thíos leis an ocras, ó nár cheadaigh an chogaíocht do na daoine filleadh go dtí Sead. Agus na daoine á gcoinneáil istigh sna campaí i nDar Masalit, ní raibh deis acu dul ar lorg oibre agus cabhrach sa cheantar timpeall.

Scrios i nDarfur[cuir in eagar | athraigh foinse]

Margadh

Is fíor go raibh cogadh cathartha á chur i ndeisceart na tíre sna blianta 1955-1972 agus arís sna blianta 1983-2004, ach mar sin féin, tháinig iarthar na tíre slán as na cogaí seo beagnach gan ghránú. Sa bhliain 1991, áfach, tháinig athrú ar na cúrsaí, nuair a d'fhéach Arm Saoirse Mhuintir na Súdáine (SPLA, nó Sudan People's Liberation Army) faoi cheannas Daoud Bolad leis an lasóg a chur sa bharrach i nDarfur. Ní raibh rath ar na hiarrachtaí seo, áfach, agus go gairid ina dhiaidh sin, cimíodh Bolad gan mórán stró. Mar sin féin, is iomaí duine as iarthar na tíre a priosáladh in arm an rialtais chun troid a chur i ndeisceart na tíre faoi bhrat an Ioslaim agus an tSítheáid. Is gnách akul al abid bil abid nó "fág faoin sclábhaí an sclábhaí a mharú" a thabhairt ar an straitéis seo (Idris, 2005).

Sudan Liberation Army

Thosaigh na fíorthrioblóidí i nDarfur i Mí Feabhra sa bhliain 2003, nuair a d'éirigh ina throid idir Arm Saoirse na Súdáine (Sudan Liberation Army, nó SLA), Gluaiseacht an Chirt agus na Cothromaíochta (Justice and Equality Movement, nó JEM), agus fórsaí an rialtais. Bhain an rialtas úsáid as mílíste Arabach ar a dtugtaí Jinjaweed. Is é is brí le Jinjaweed ná "diabhail ar muin chapaill". Tharraing an troid seo géarchéim dhaonnúil anuas ar Darfur agus ar na ceantair i Sead atá ag críochantaíocht le Darfur, nó b'ansin a chuaigh a lán daoine ar lorg dídine le teacht slán ón troid.

Neamspléachas, 9 Iúil 2011

Is é dearcadh rialtas na Stát Aontaithe, chomh maith lena lán cumann carthanais ar nós Mhúsaem an Uilelosctha, ná go bhfuil cinedhíothú ar siúl i nDarfur i láthair na huaire.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Alex De Waal (1988), "Refugees and the Creation of Famine: The Case of Dar Masalit, Sudan", Jounral of Refugee Studies 1 (2): 127-140.

Alex De Waal (1989), Famine that Kills, Darfur, Sudan, 1984-1985, Oxford: Clarendon Press.

Amir H. Idris (2005), Conflict and Politics of Identity in Sudan, (Nua-Eabhrac, Palgrave), leathanaigh 80-89).

Féach ar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cumainn Charthanais ó Éirinn atá ag obair sa tSúdáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]