Damo and Ivor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióDamo and Ivor

Is clár teilifíse Éireannach é Damo and Ivor a thosaigh mar chuid den chlár Republic of Telly ar RTÉ. Is beirt deartháireacha ficseanúla iad sa chlár. Tá Damo ina dhuine garbh, agus cónaíonn sé ar an taobh thuaidh i mBaile Átha Cliath. Tá Ivor ina dhuine galánta, a chónaíonn i gCarraig an tSionnaigh ó dheas. Tá roinnt amhrán acu lena n-áirítear Bosca Mór Bosca Beag, agus Everybody's drinking (Tá Gach Duine ag Ól). Bhí an-rath orthu ar an Republic of Telly, agus thosaigh siad clár dá gcuid féin.

Foireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glacann an t-aisteoir Andy Quirke rólanna Damo agus Ivor. Glacann Lewis McGee ról chara Damo, Spuddy, tá Ruth McCabe ina ‘Granno’, agus Hannah Crowley mar chailín ó Charraig an tSionnaigh i ról Sarah-Jane.

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh an clár agus Damo ag díol a dhuáin, mar go dteastaíonn airgead óna sheanmháthair atá san ospidéal. Ach tar éis di an t-airgead a fháil, teastaíonn duán nua uaithi.

Scannán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fógraíodh go mbeadh scannán Damo and Ivor. Beidh sé scaoilte sa bhliain 2018. Thosaigh an léiriúchán don scannán i rith Samhradh 2017. Beidh Andy Quirke, Tina Kellegher, Ruth McCabe agus Simon Delaney.​