Damnonii

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gan bheith measctha le: Dumnonii

Dream Briotainic den 2a haois AD ab ea na Damnonii (ar a nglaoitear Damnii fosta), a raibh cónaí orthu i Ríocht Strathclyde mar a bhí sa mheánaois, agus anois an Alba theas. Luaigh Ptolemy go hachomair iad ina leabhar Geographia, ina scríobh sé idir "Damnonii" agus "Damnii" orthu. Níl taifead stairiúil eile ann dóibh, seachas b'fhéidir le Gildas trí aois níos déanaí.[1] Moltar gur Briotainic é a bhfiníocht cultúir agus teangan. Níl taifead stairiúil leanúnach ann áfach, agus ní chuirtear bac ar bunús éigin Cruithneach.

Léarscáil na hAlban laisteas den Fhoirthe, le Ptolemy.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. De Excidio 28: inmundae leaenae damnoniae tyrannicus catulus constantinus "Constantine, an coileán tíoránta den leon shalach Damnonia". Creidtear scaití gurbh iad na Dumnonii den Bhreatain iardheisceart a bhí i gceist ag Gildas anseo, ach ó thaobh bunúis iarthuaiscirt de, féach mar shampla Lloyd Laing (1975), The Archaeology of Late Celtic Britain and Ireland c.400-1200 AD, Londain, lch. 102