Daboecia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDaboecia Cuir in eagar ar Wikidata

Daboecia cantabrica Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdEricales
FineEricaceae
GéineasDaboecia Cuir in eagar ar Wikidata
D.Don, 1834

Géineas beag de phlandaí bláthanna san bhfine Ericaceae, ina bhfuil dhá thom síorghlas, a bhaineann go dlúth leis an ghéineas Erica is ea Daboecia. Tá siad dúchasach d'aillte agus d'fhraochmhánna d'iarthar na hÉireann, d'iarthair na Fraince, d'iarthuaisceart na Spáinne, an Phortaingéil agus do na hAsóir. Táirgeann siad bláthanna síothal-chruthach i leagan datha bán, bándearg agus dearg. Bíonn Deboecia difriúil ó speicis d'Erica Eorpacha toisc go mbíonn peiteal nó coróinín substaintiúil acu. Bíonn duilleoga ailtéarnacha i gcónaí ag Daboecia, rothlach. Tagann an t-ainm cineálach ón Naomh Éireannach Naomh Dabheoc. Cosúil le hErica, tá Daboecia Calcifuge (eiriceach), ach glacann sé le hithreacha neodracha.