Dabhach shéarachais



Is éard is dabhach shéarachais nó dabhach mhúnlaigh[2] ann ná tobán faoi thalamh atá déanta as coincréit, snáithín gloine, nó plaisteach trína sreabhann fuíolluisce tí (camras), le haghaidh cóireála bunúsach camrais.[3][4][5] F
eistítear iad i dtithe nach bhfuil ceangailte den gcóras séarachais poiblí, le go ndéanfaí cóireáil ar fhuailluisce tí ar an láthair.
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Laghdaíonn próisis síothlaithe agus díleá anaeróbaigh solaid agus orgánaigh, ach níl an éifeachtacht cóireála ach measartha (dá ngairtear "cóireáil phríomhúil").[6] Is cineál saoráide simplí camrais ar an láthair iad dabhcha séarachais. Is féidir iad a úsáid i gceantair nach bhfuil ceangailte le gléasra diúscartha camrais, amhail limistéir thuaithe. Diúscraítear an t-eisilteach leachtach cóireáilte go coitianta i ndraein pháirce sheipteach, a sholáthraíonn cóireáil bhreise. Mar sin féin, d’fhéadfadh truailliú screamhuisce tarlú agus d’fhéadfadh sé a bheith ina fhadhb.
Tagraíonn an téarma "seipteach" don timpeallacht bhaictéarach anaeróbach a fhorbraíonn san umar a dhianscaoileann nó a mhianraíonn an dramhaíl a scaoiltear isteach san umar. Is féidir dabhach shéarachais a chúpláil le haonaid chóireála fuíolluisce eile ar an láthair amhail cisil scagtha bhitheolaíocha nó córais aeróbacha lena mbaineann aerú fórsáilte saorga.[7]
Tá an ráta carntha sloda — ar a dtugtar ábhar seipteach nó ábhar faecach freisin — níos tapúla ná an ráta dianscaoilte.[6] Dá bhrí sin, ní mór an t-ábhar faecach carntha a bhaint go tréimhsiúil, rud a dhéantar go coitianta le trucail folúis.[8]
Lochtanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is minic a thagann teipeanna ó dhá phríomhfhoinse:
- fadhbanna tógála cosúil le scoilteanna nó sceitheadh, agus
- fadhbanna cothabhála – mar shampla nach mbíonn na dabhaigh folúsaithe gach trí nó ceithre bliana már ba chóir.
I measc na lochtanna is coitianta, tá drochchothabháil, gan na dabhcha a fholúsú, sceitheadh eisiltigh i srutháin nó claítheacha agus carnadh eisiltigh.
Is féidir le séarachais dochar a dhéanamh má thagann sé aníos i ngairdíní nó má shníonn sé isteach i gclaítheacha nó i srutháin. D'fhéadfadh an t-uisce tí a bheith truaillithe le baictéir agus víris mar gheall ar dhabhach lochtach. Freisin, is féidir le ró-scaoileadh nítrigine agus fosfair truailliú a dhéanamh sna huiscebhealaí.
Caithfidh úinéirí tí dul amach sa ghairdín ó am go ham agus seiceáil thart timpeall an dabhach shéarachais an bhfuil aon fadhb ann, an dabhaigh a fholúsú gach trí nó ceithre bliana, agus tobar uisce óil a chur faoi thástáil uair sa bhliain.[9]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn 2023, bhí beagnach 500,000 teaghlach in Éirinn i dtuilleamaí dabhach séarachais.
Theip ar leath na ndabhcha séarachais a ndearna údaráis áitiúla cigirceachta orthu sa bhliain 2022 de réir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an EPA). Breis is 1,100 láthair a scrúdaíodh i 2022. Theip ar 560 acu. Bhí baol do shláinte an duine agus don timpeallacht i 230 acu - 21% den iomlán.[10]
Sa bhliain 2024, bhí sé ráite i dtuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil nach raibh cóireáil ná cigireacht cheart á ndéanamh ag údaráis áitiúla ar dhabhcha séarachais agus go raibh dochar suntasach á dhéanamh don chomhshaol de bhíthin na faillí sin.[11]
In 2025, theip ar níos mó ná leath de na 1,400 dabhach shéarachais tí, a ndearna údaráis áitiúla cigireacht orthu, cloí leis na caighdeáin riachtanacha.[9]
Deontas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Má theipeann ar chigireacht, tugann an t-údarás áitiúil eolas do na húinéirí tí cén chaoi an fhadhb a réiteach agus tugtar eolas dóibh faoi dheontas suas le €12,000 atá ar fáil. I 2024, bronnadh 265 deontas le meánmhéid de thart ar €9,400.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Compendium of Sanitation Systems and Technologies. Federal Institute of Aquatic Science and Technology (Eawag)
- ↑ i mBéarla, septic tank
- ↑ COGG. "Dabhach Shéarachais - Staidéar Foirgníochta". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ COGG / tairseachcogg.ie. "Dabhach seipteach / íomhá".
- ↑ Compendium of Sanitation Systems and Technologies
- ↑ 6.0 6.1 Tilley (2014). "Compendium of Sanitation Systems and Technologies" (2nd ed.). Duebendorf, Switzerland: Swiss Federal Institute of Aquatic Science and Technology (Eawag). ISBN 978-3-906484-57-0.
- ↑ “Septic Systems for Waste Water Disposal”. American Ground Water Trust. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-17. Dáta rochtana: 2008-05-20.
- ↑ “What is a septic system? How do I maintain one?”. National Environmental Services Center. nesc. Dáta rochtana: 4 March 2015.
- ↑ 9.0 9.1 9.2 Nuacht RTÉ (2025-05-14). "Theip ar os cionn leath de na dhabhcha séarachais a tástáladh" (as ga-iE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-06-28). "Baol sláinte ó 20% de dhabhachanna séarachais tithe" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-09). "Imní faoi líon mór dabhach séarachais atá lochtach" (as ga-IE).