Dùn Bheagain
Dùn Bheagain | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | |||
Limistéar comhairle in Albain | Comhairle na Gàidhealtachd | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | IV55 | |||
Is sráidbhaile san Eilean Sgitheanach, Comhairle na Gàidhealtachd, é Dùn Bheagain.[1] Tá clú agus cáil ar Chaisleán Dhùn Bheagain, suíochán cheann feadhna Chlann MhicLeòid.. Tá Dùn Bheagain suite i bparóiste Dhiùirinis,[2] agus tá an eaglais pharóiste i nDùn Bheagain. Sa bhliain 2011 bhí daonra 386 duine ann.[3]
Logainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]San‘‘The Norse Influence on Gaelic Scotland’’ (1910), tugann George Henderson le fios go dtagann an t-ainm ‘‘Dùn Bheagain’’ ón tSean-Ghaeilge ‘‘Dùn Bheccáin’’, Is ainm pearsanta Gaelach é 'Beccán'.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Dùn Bheagain suite ar an gcladach i Loch mór Dhùn Bheagain, agus tá cáil ar Old School Restaurant sa tsráidbhaile breac lena héisc a ghabhtar go húr ón loch féin. Tá Dún Bheagáin suite ag acomhal an A850, agus an A863.[4] Tá acomhal ag an mbóthar an B884. agus freisin leis an A863, ag an taobh thoir de Dhùn Bheagain.[5]
Déimeagrafaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn daonra buan Dhùn Bheagain ag laghdú. Mar sin féin, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine atá ag fanacht sa cheantar le linn saoire thar na blianta ó 2001 i leith.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhíodh eolas turasóireachta suite i bparáid na siopaí ag Taobh Locha, ach tá sé ar fáil anois ar bhonn séasúrach ag St Kilda Shop i gCaisleán Dhún Bheagáin. Bunaíodh Músaem an Fhathaigh MhicAsgaill, a dhéanann ceiliúradh ar shaol Aonghas Mhóir MacAsgaill i 1989 agus tá sé á bhainistiú ag Peter MacAskill, athair na dtrialacha rothaíochta Danny MacAskill.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2024-04-19.
- ↑ "Details of Dunvegan".
- ↑ Highland Council 2011 census profile for Settlement Zones
- ↑ "A863".
- ↑ "B884".
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |