Córas deachúlach Dewey
Cuma
Is córas dílsithe rangaithe leabharlainne é córas deachúlach Dewey, forbartha ag Melvil Dewey sa bhliain 1876. Ó shin i leith, bhí sé athraithe agus leathnaithe go mór, le 22 leasú mór, an ceann is déanaí sa bhliain 2011.
Eagraíonn an córas seo leabhair leabharlainne i seilfeanna ar leith agus in ord sainiúil agus in-athdhéanta a dhéanann sé éasca leabhar ar bith a aimsiú agus/nó a chur ar ais san áit cheart.
Tá deich bpríomhchatagóir nó rang i gCóras Dewey, gach ceann díobh roinnte i ndeich bhfochatagóir, agus deich bhforoinn ag gach ceann acu siúd.
- 000 – Ginearálta, Eolaíocht Ríomhaireachta, Eolas agus Gnáth Oibreacha
- 100 – Fealsúnacht agus Siceolaíocht
- 200 – Reiligiún
- 300 – Eolaíocht Shóisialta
- 400 – Teangacha
- 500 – Eolaíocht (matamaitic san áireamh)
- 600 – Teicneolaíocht
- 700 – Na hEalaíona agus Áineas
- 800 – Litríocht
- 900 – Stair, Tíreolaíocht agus Beathaisnéis