Cruthú Gödel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Chruthaigh an matamaiticeoir Meiriceánach Kurt Gödel (1906-1978) i 1931 go mbíonn tairiscintí i gcónaí taobh istigh de bhrainse ar bith matamataice nach féidir a chruthú ná a bhréagnú le bunrialacha an bhrainse sin. Thaispeáin sé gur gá dul taobh amuigh den bhrainse ina leithéid de chás agus rialacha nua a leagan amach. Meastar uaidh sin nach féidir ríomhaire a dhéanamh chomh hintleachtach le daoine, de bhrí go mbionn an ríomhaire teoranta d'oiread ar leith rialacha a leagann an dearthóir amach dó, ach gur féidir le daoine coincheapanna is fírinní gan choinne a fháil amach i gcónaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cruthú Gödel". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 326.