Jump to content

Crainn snámha Bhundúchasacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Áitítear gur tosaíodh ag baint úsáide as crainn snámha Bhundúchasacha san Astráil am éigin sa 17ú haois. Bhí éileamh ar churacha coirte i gcónaí, ach bhí na crainn snámha níos láidre agus níos buanseasmhaí, agus tosaíodh á n-úsáid ar fud na tíre.

Áitítear gurbh fhusa crainn snámha a dhéanamh ná curacha coirte. B’éigean an choirt a ullmhú agus a fhuáil chun na curacha úd a dhéanamh, obair a thógfadh mórán ama, ach b’fhéidir crainn snámha a réiteach gan stró. Chuirfeadh sé sin á n-úsáid go forleathan iad.[1] B’éigean crann a leagan, nó breith ar chraobh bhriste, agus an taobh amuigh a réiteach go cothrom. Ansin d'fheadfai an soitheach a shníomh ar dhá bhealach dhifriúla: an chearchall a ghearradh go díreach siar agus aniar nó cruth cuar a chur uirthi. Ansin bhainfí an t-adhmad amach as lár na cabhlach.[2] I gcuid de na crainn snámha ba luaithe, shnoífí “easnacha” sa taobh istigh, nós a bhain le modh tógála na gcurach crainn.[2] Ba mhaith an áis í an tua iarainn chun na hoibre.[3]

Bhraith buanseasmhacht an tsoithigh seo ar an saghas adhmaid a bhí inti. Is iomaí saghas crann a d’úsáidfí de réir na háite, ach bhíodh an-aird ag na Bundúchasaigh ar láidreacht an adhmaid.[2]

Bhí dúil ag na Bundúchasaigh i dturtair mhara agus i nduganganna mar bhia cois farraige thuaidh.[1] B’fhearr crann snámha ná curach choirte mar uirlis sealgaireachta: ardán socair a bhí ann, rud a chuideodh le sealgaire a bhí ina sheasamh air agus é ag iarraidh muirgha a chaitheamh.[1] Chuideodh an crann snámha leis an sealgaire teacht aniar aduaidh ar a chreach agus é á choinneáil féin ar mheá chothrom.[4] Ba iad na tréithe céanna a chuir ar chumas na mBundúchasach aistear fada a dhéanamh.[5] Bhaintí feidhm as curacha coirte ar aibhneacha nó cois calaidh, ach bhí na crainn snámha in ann breis is 500 ciliméadar a chur díobh, rud a lig do dhaoine lón a sholáthar nó trádáil a dhéanamh i bhfad ó bhaile.[1]

Is dócha gur lig úsáid an chrainn snámha do na Bundúchasaigh ainmhithe níos toirtiúla a sheilg agus a ndúiche seilge a leathnú. Dá bhrí sin b’fhéidir leo níos mó daoine a chothú ar feadh tréimhse níos faide.

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Mitchell 2005
  2. 2.0 2.1 2.2 Thomas 1905,
  3. Bellwood and Hiscock 2005
  4. Thompson 1905
  5. Worsley 1955,
  • Bellwood; Hiscock. "The Human Past: World Prehistory and the Development of Human Societies": lgh 275–300. 
  • Thomas, N.W. (Jan-Jun 1905). "Australian Canoes and Rafts". The Journal of the Anthropological Institute of Great Britain and Ireland 35: lgh 56–79. Royal Anthropological Institute of Great Britain and Ireland. doi:10.2307/2843117. JSTOR 2843117. 
  • Mitchell, Scott. "Dugongs and Dugouts, Sharptacks and Shellbacks: Macassan Contact and Aboriginal Marine Hunting on the Cobourg Peninsula, Northwestern Arnhem Land". Indo-Pacific Prehistory Association Bulletin 2: lgh 181–191. 
  • Thompson, Donald (Jul-Dec 1934). "The Dugong Hunters of Cape York". The Royal Anthropological Institute of Great Britain 64: lgh 237–263. Royal Anthropological Institute of Great Britain and Ireland. doi:10.2307/2843809. JSTOR 2843809. 
  • Worsley, Peter (Apr 1955). "Early Asian Contacts with Australia". Past and Present (7): lgh 1–11. 

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]