Corvidae
![]() Scréachóg ghorm ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Rang | Aves |
Ord | Passeriformes |
Forfhine | Corvoidea |
Fine | Corvidae ![]() Linnaeus |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Is fine iltíreach é Corvidae d'éin pasaireacha oscineacha ina bhfuil na préacháin, na fiacha, na rúcaigh, na cága, na scréachóga, na snaganna breaca, Crypsirininae, Pyrrhocorax, agus Nucifraga.
Sa ghnáthchaint tugtar coirbhidigh orthu. Faoi láthair tá 133 speiceas san áireamh san bhfine seo. Cuimsíonn an ghéineas Corvus, lena n-áirítear na cága, na préacháin, na rúcaigh, agus na fiacha, níos mó ná an tríú cuid den bhfine ar fad. Is iad na coirbhidigh na pasairigh is mó.