Coolio
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (en) Artis Leon Ivey Jr. 1 Lúnasa 1963 Monessen, Pennsylvania |
| Bás | 28 Meán Fómhair 2022 59 bliana d'aois Los Angeles, California |
| Siocair bháis | Bás tionóisceach (Fentanyl toxicity (en) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Ainm cleite | Coolio |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Compton |
| Teanga dhúchais | Béarla |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Rapáil |
| Gairm | rapálaí, léiritheoir ceirníní, cumadóir amhrán, aisteoir |
| Tréimhse oibre | 1987 – 2022 |
| Seánra | Hip hap an chósta thiar, rap gangsta, G-func agus pop rap (en) |
| Teangacha | Béarla |
| Uirlis | Ceol gutha |
| Lipéad ceoil | Allied Artists Music Group Warner Bros. Records Tommy Boy Records (1994–1998) |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
Ba rapálaí, léiritheoir ceoil, agus aisteoir Meiriceánach é Artis Leon Ivey Jr. (1 Lúnasa 1963 – 28 Meán Fómhair 2022), nó Coolio mar ab fhearr aithne air. Bhain Coolio clú is cáil amach i lár na 1990idí lena chuid albam It Takes a Thief (1994), Gangsta's Paradise (1995), agus My Soul (1997). B'fhearr aithne air as a amhrán “Gangsta's Paradise” a bhuaigh Gradam Grammy sa bhliain 1995, chomh maith le “Fantastic Voyage” (1994), “1, 2, 3, 4 (Sumpin’ New)” (1996), agus “CU When U Get There” (1997).
Sheinn sé an téamamhrán “Aw, Here It Goes!” don tsraith theilifíse Kenan & Kel ar Nickelodeon i 1996. Ó 1996 ar aghaidh, d'eisigh Coolio a chuid albam go neamhspleách. Chruthaigh sé sraith ghréasáin dar teideal Cookin' with Coolio agus d'fhoilsigh sé leabhar cócaireachta freisin. Tháinig clú agus cáil air i dtús báire mar bhall den ghrúpa rapcheoil gangsta WC and the Maad Circle in éineacht le WC agus a dheartháir, Crazy Toones.