Contae Queens, Oileán Phrionsa Éadbhard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilContae Queens, Oileán Phrionsa Éadbhard

Suíomh
Map
 46°17′N 63°15′W / 46.28°N 63.25°W / 46.28; -63.25
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaOileán Phrionsa Éadbhard Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla2,020.17 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Eaglais Aontaithe Cheanada, Cavendish, Co. Queens

Is contae i lár Oileán Phrionsa Éadbhard é Queens. Is é Charlottestown, i lár an chontae, an príomhbhaile. I 2011 bhí cónaí ar 77,866 duine sa chontae, suas ó 72,744 duine i 2006.

D'ainmnigh an Captaen Samuel Holland an contae sa bhliain 1765 i ndiaidh Charlotte Mhecklenburg-Strelitz, bean chéile rí na Breataine ag an am. Ainmníodh Charlottetown ina diaidh chomh maith.

Tá Green Gables suite sa chontae, in Cavendish. Sin an teach agus feirm ina bhfuil an leabhar cáiliúil úd, Anne of Green Gables suite, é ina mhúsaem anois.

Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2011 bhí Béarla an teanga is comónta i gcontae Queens agus í an mháthairteanga do 70,630 (90.7%) duine, bhí Fraincis an dara teanga is comónta agus í an mháthairteanga do 1,645 (2.1%) duine sa chontae. Ba í an tSínis an teanga neamhoifigiúil is comónta agus í mar mháthairteanga do 1,055 (1.4%) duine.