Jump to content

Conriocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"The Werewolf Howls". Iris Weird Tales (Samhain 1941)

Sa bhéaloideas, is éard is conriocht ( + riocht) ann ná duine atá iompaithe i riocht cú allta, nó mac tíre,[1] nó duine a bhfuil in ann aistriú ina mac tíre (nó i scannáin nua-aimseartha go háirithe, créatúr hibrideach cosúil le mac tíre). Tarlaíonn an claochlú nuair is mian leis an duine é nó tar éis do dhuine eile mallacht a chur air nó uirthi.

Go minic bíonn an cumas ag duine tar éis do chonriocht eile greim nó corruair scríob a bhaint as an duine. Is minic gur ar oíche lánghealaí a athraíonn riocht an duine (ach is coincheap é seo a tháinig i gceist níos déanaí).

Is iad Petronius (27–66) agus Gervase Tilbury (1150–1228) na foinsí luatha a luann go gcreidtear scéalta dá leithéid.

Conriochtaí Osraí, as Topographia Hibernica le Gearóid na Breataine Bige

Tá scéalta faoi chonriochtaí in Éirinn le fáil i bhfoinsí Gaeilge, Béarla agus Lochlainnise. Is údar spéise é, dar le Caoimhín Ó Cadhla, nach bhfuil na scéalta seo le fáil sa bhéaloideas, ach sa litríocht amháin.[1]

Tugann Ó Cadhla le fios go n-eascraíonn na scéalta Gaeilge ón nasc a bhí ag na laochra leis na mic tíre. "Bhí sé de nós ag laochra seithe mic tíre a chaitheamh agus stíl fhiáin gruaige a chaitheamh. Thugtaí “onchú” orthu (focal eile a chiallaíonn beithíoch fhiáin), agus deirtí go raibh siad faolchonda, nó go raibh cuma mic tíre orthu, nuair a bhíodh siad ag seilg."[1]

Go dtí an seachtú haois déag bhí coillte ar fud na hÉireann agus bhí a lán mac tíre ann. Ó na 1650í ar aghaidh bhí luach saothair le fáil as mic tíre a mharú, agus thosaigh siad ag dul i léig de réir a chéile go dtí 1786 nuair a maraíodh an mac tíre deireanach.[1]

Deirtí gurbh ó Laighneach Faoladh a síolraídh ríthe Osraí, agus gurbh fhéidir leo cruth mic tíre a ghlacadh.[1]

Bhí scéal ag Gearóid na Breataine Bige, an bolscaire Normannach, go raibh sagart ag dul thart sna coillte nuair a bhuail sé le mac tíre. Seo a leanas insint Uí Chadhla ar an scéal:[1]

Tosaíonn an mac tíre ag labhairt, rud a chuireann iontas ar an sagart. Iarann an mac tíre air gan eagla a bheith aige air. Mar fhreagra iarann an sagart ar an mac tíre gan é a ithe. Tosaíonn an mac tíre ag insint a scéil féin, ag rá go raibh beirt acu ann, fear agus bean, de bhunadh Osraí. Chuir an t-ab Naomh Naile mallacht orthu, go raibh orthu a muintir féin a fhágáil agus iompú ina mic tíre. Tar éis seacht mbliana d’iompódh siad ina ndaoine arís agus bheadh siad in ann filleadh ar mhuintir Osraí, ach go mbeadh ar bheirt eile riocht mic tíre a ghlacadh ina n-áit ar feadh seacht mbliana eile. Deir an mac tíre go bhfuil a bhean ag fáil bháis agus iarrann sé ar an sagart an ola dhéanach a chur uirthi sula n-imeodh sí ar shlí na fírinne. Téann an sagart go dtí an mac tíre eile. Chun a léiriú gur duine í an mac tíre a bhí ag fáil bháis, tarraingíonn an mac tíre fireann an craiceann mic tíre di chun a thaispeáint don sagart gur seanbhean í. Tugann an sagart an ola dhéanach don bhean agus ina dhiaidh sin tugann an mac tíre fireann an sagart amach as an gcoill.

Tugann an mac tíre tairngreachtaí éagsúla dó maidir le todhchaí na hÉireann, ina measc rabhadh faoi ionradh na Normannach. Nuair a chloiseann Easpag na Mí faoin scéal sin iarrann sé ar an sagart teacht chuige. Ceapann an t-easpag go bhfuil an scéal sin chomh tábhachtach sin go n-ordaíonn sé don sagart dul chun na Róimhe agus a scéal a insint don Phápa.[1]

Dar le Catherine Karkov bhí Gearóid na Breataine Bige ag iarraidh a léiriú gur meafar polaitiúil a bhí sa scéal sin, ag cur in iúl gur ainmhithe allta iad na hÉireannaigh, ach nach raibh siad chomh dona sin de bharr gur Críostaithe iad. Seasann an mac tíre baineann d'Éireann más ea, agus nuair a bhaintear an craiceann den mhac tíre sin gur léiriú é sin ar an athrú ón Eaglais Cheilteach Éireannach go hEaglais na Róimhe a thug na Sasanaigh Normannacha isteach.[1]

In 2020 chruthaíodh cartún i nGaeilge le ceol ó Kíla dár dteideal Na Conriochtaí faoi scéal an mhic tíre dheireanaigh a maraíodh in Éirinn.[2][1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 1.8 Caoimhín Ó Cadhla (2025-10-31). "Conriochtaí Osraí" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-11-01.
  2. "Na Cionriochtaí" (en-IE). Macalla Teoranta. Dáta rochtana: 2025-11-01.