Conan O'Brien

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Conan O'Brien
Conan O'Brien by Gage Skidmore 2.jpg
Saol
Eolas breitheBrookline, Massachusetts, 18 Aibreán 1963 (59 bliain d’aois)
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Muintir
AthairThomas Francis O'Brien Jr.
MáthairRuth Reardon O'Brien
Oideachas
Alma materOllscoil Harvard
Brookline High School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmláithreoir teilifíse, fuirseoir, scríbhneoir, scríbhneoir scripte scannáin, aisteoir teilifíse, aisteoir scannáin, aisteoir gutha, podchraoltóir agus léiritheoir teilifíse
Duaiseanna
BallraíochtWriters Guild of America West (en) Aistrigh
Lipéad ceoilThird Man Records
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Daonlathach
IMDbnm0005277
teamcoco.com agus tbs.com…
Discogs ID514715
Instagramteamcoco
TwitterConanOBrien
Conan O'Brien Signature.svg

Is fuirseoir, láithreoir teilifíse, podchraoltóir agus scríbhneoir Gael-Mheiriceánach é Conan Christopher O'Brien (18 Aibreán 1963 a saolaíodh é). As Brookline, Massachusetts dó, thosaigh sé amach mar scríbhneoir ar chláir ghrinn amhail Saturday Night Live agus The Simpsons sular tháinig sé i gcomharbacht ar David Letterman mar láithreoir an chláir Late Night Show sa bhliain 1993.

I dtús báire, bhí an chuma ar an scéal nach mairfeadh Conan ach tamall beag mar láithreoir. Thosaigh cúrsaí ag feabhsú diaidh ar ndiaidh, áfach, agus roghnaiodh é chun áit Jay Leno a ghlacadh ar NBC. Ba mhór an chonspóid é nuair a cuireadh a réamhtheachtaí Leno ar ais in áit, taobh istigh de bhliain amháin. Tá clár dár chuid inniu (Conan) ar an stáisiún TBS ón bhliain 2010 i leith.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Duine de chúigear clainne (triúr deirfiúr agus beirt dheartháir) is ea O'Brien. Lia, eipidéimeolaí agus ollamh le leigheas mór le rá ar Scoil Leighis Harvard is ea a athair Thomas Francis O'Brien. Iar-aturnae a bhí ina comhpháirtí ar an gnólacht Ropes & Gray atá ina mháthair Ruth O'Brien (née Reardon).

Fuair O'Brien a chuid meánscolaíochta sa scoil áitiúil Brookline High School, sular bhain sé áit amach in Ollscoil Harvard sa bhliain 1981.