Comhordanáidí polacha
Cuma
Sa mhatamaitic, bealach chun ionad pointe P a dhéanamh amach óna fhad r ó phol O is ón uillinn idir OP is bunlíne θ. Córas thar a bheith áisiúil is ea é chun cur síos ar ionaid phointí i leith pointe fhosaithe amháin. Mar shampla, is í cothromóid pholach ciorcail a bhfuil a lár ag O is a gha ar fhad a ná r = a. Is í cothromóid pholach an chiorcail trí O, le trastomhas ar an mbunline trí O, r = 2 a cos θ. Is féidir lúba is cuair a scríobh mar chothromóidí éasca i gcomhordanáidí polacha cosúil le r = a sin θ.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Comhordanáidí polacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 166.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |