Comhaontú dúbailte Éireannach
Uirlis seachanta cánach corparáide, le haghaidh creimeadh bonn agus aistriú brabúis (CBAB), a bhí sa Chomhaontú dúbailte Éireannach (Béarla:Double Irish arrangement), a d’úsáid cuideachtaí ilnáisiúnta na Stát Aontaithe go príomha, ó dheireadh na 1980idí, chun cánachais chorparáidigh ar bhrabúis neamh-SAM a sheachaint. Ba í an uirlis seachanta cánach is mó riamh a bhí ann agus faoi 2010 bhí US$100 billiún á chosaint go bliantúil i mbrabúis ilnáisiúnta eachtracha na SA ó chánachas, agus ba í an phríomhuirlis í trína ndearna cuideachtaí ilnáisiúnta SAM cúlchistí eischósta de US$1 trilliún ó 2004 go 2018 gan cháin a thógáil. Go traidisiúnta, d'úsáideadh é freisin leis an uirlis CBAB Ceapaire Dúitseach;bíodh sin mar atá, rinne athruithe 2010 ar dhlíthe cánach in Éirinn an ceanglas seo a ligean thar ceal.
.