Comhairle na Gàidhealtachd
| na Gàidhealtachd (gd) | |||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
| Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | ||||
| Príomhchathair | Inbhir Nis | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 235,540 (2018) | ||||
| • Dlús | 9.18 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Achar dromchla | 25,657.1465 km² | ||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 1975 | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód ISO 3166-2 | GB-HLD | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | highland.gov.uk | ||||
Ceantar comhairle de chuid na hAlban is ea Comhairle na Gàidhealtachd (Béarla: The Highland Council). Tá sé suite i dtuaisceart na tíre agus is é an ceantar comhairle is mó sa Ríocht Aontaithe. Tá an chuid is mó di suite ar mhórthír na hAlban, áit a raibh na contaetha traidisiúnta Gallaibh, Cromba, Inbhir Nis, Inbhir Narann, Siorrachd Rois, Cataibh, agus an chuid thiar ó thuaidh d'Earra-Ghàidheal. Cuimsíonn an chomhairle cuid de Na h-Eileanan a-staigh freisin. Tá sí timpeallaithe ag Comhairle Pheairt is Cheann Rois, Comhairle Shiorrachd Obar Dheathain, agus Earra-Ghàidheal agus Bòd.
Ceannas polaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh thoghchán 2022, ba iad Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba an páirtí ba mhó agus 22 as 74 suíochán acu. Ba é seo an chéad uair ó cruthaíodh an ceantar comhairle nárbh iad na comhairleoirí neamhspleácha an grúpa ba mhó ann. Chuir Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba agus roinnt de na neamhspleáigh le chéile le dul i gceannas ar an gcomhairle.[1]
Ceanncheathrú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ceanncheathrú na comhairle lonnaithe in Inbhir Nis. Ba iad Comhairle Contae Shiorrachd Inbhir Nis a cheannaigh an suíomh seo sna 1930idí agus a chuir síneadh leis sna 1960idí, cé go mbíodh a gcruinnithe féin acu i gCaisleán Inbhir Nis. Nuair a cruthaíodh Comhairle na Gàidhealtachd i 1975, cinneadh go raibh an seomra cruinnithe sa gcaisleán róbheag, agus chruinnítí i sean-cheanncheathrú Chomhairle Rois agus Chromba in Dingwall. I 1986 a tógadh an seomra comhairle atá anois in úsáid in Inbhir Nis.[2][3]
- ↑ "SNP-independent coalition control Highland Council". BBC News. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Iúil 2023. Dáta rochtana: 17 Samhain 2025.
- ↑ "Older County Buildings, Inverness, 1964".
- ↑ "Region get their own home". Aberdeen Press and Journal.
