Comhairle Fhìobha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilComhairle Fhìobha

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Sonraí stairiúla
Cruthú1 Aibreán 1996
Eile

Suíomh gréasáinfife.gov.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: FifeCouncil Twitter: FifeCouncil Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhairle áitiúil í Comhairle Fhìobha a dhéileálann le ceisteanna áitiúla i Fìobha, agus is í an tríú comhairle is mó in Albain, le 75 comhaltaí tofa sa comhairle.[1]

Chruthaigh an tAcht Rialtais Áitiúil (Albain) 1973 córas nua comhairlí agus Roinn Fhìobha le trí chomhairle ceantair.[2] Díscaoileadh na comhairlí ceantair i 1995 agus fuair Comhairle Fhìobha a gcuid freagrachtaí.

De ghnáth toghtar comhairleoirí gach cúig bliana. I dtoghchán 2012 toghadh 78 comhairleoir, ach laghdaíodh é sin go 75 faoi am thoghchán 2017, tar éis do Choimisiún na Teorann d'Albain athbhreithniú a dhéanamh. Laghdaíodh líon na mbard ó 23 go 22.[3]

Cinneann na comhairleoirí ag chruinnithe rialta de chuid na Comhairle, nó ag a naoi gcoiste ginearálta eile (amhail; Turasóireacht agus iompar, Oideachas, Timpeallacht, Tithíocht, Ceadúnú srl.), dhá choiste pleanála, agus seacht gcoiste ceantair [4].

Tar éis toghcháin na comhairle. i mí na Bealtaine 2017, níor bhain aon pháirtí móramh amach, agus mar thoradh air sin dréachtaíodh Comhaontú Comhroinnte Cumhachta idir Páirtí Náisiúnta na hAlban (PNA) agus grúpa an Lucht Oibre chun smacht a roinnt go cothrom. Aontaíodh go bhfeidhmeodh Daibhidh Alexander (PNA) agus Daibhidh Ros (An Lucht Oibre) mar chomhcheannairí ar an gComhairle.[5]

Toghtar "Propast Fìobha" gach cúig bliana, atá ina chathaoirleach ar chruinnithe iomlána na comhairle agus a ghníomhaíonn i gcáil shearmanach thar ceann na comhairle.[6] Is é Jim Leishman MBE, iarbhainisteoir peile, an Propast reatha, a toghadh den chéad uair i mBealtaine 2012.[5][7]


Comhdhéanamh polaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léarscáil de bhardaí Fìobha, ag baint úsáide as teorainneacha na bliana 2017

Ó thoghchán na Bealtaine 2017 tá roinnt athruithe déanta ar chomhdhéanamh na Comhairle, cé go bhfuil comh-riarachán an PNA-an Lucht Oibre fós ann.

  • D'éirigh Lesley Laird (Lucht Oibre) as i mí an Mheithimh 2018, cuireadh Dave Coleman (Coimeádach) ina áit i bhfothoghchán i mí Mheán Fómhair 2018.[8] replaced by Dave Coleman (Conservative) in a September 2018 by-election.[9]
  • D'éirigh Alan Craig (Coimeádach) as oifig in 2019, tháinig Derek Glen (PNA) ina ionad, i bhfothoghchán i mí na Samhna 2019.[10]
  • D'éirigh Samantha Steele (PNA) as oifig in 2019, tháinig Sharon Green Wilson (PNA) ina hionad, i bhfothoghchán i mí na Samhna 2019.[11]
  • D'éirigh Linda Holt as na Coimeádaigh i mí na Nollag 2019 agus tá sí anois ina comhairleoir neamhspleách.[12]
Pairtí Toghchán 2017[13] Lúnasa 2020[14] Toghchán 2022[15]
SNP 29 30 (Increase1) 34 (Increase4)
Am Pàrtaidh Làbarach 24 23 (Decrease1) 20 (Decrease3)
Am Pàrtaidh Libearal Deamocratach 7 7 (Steady0) 13 (Increase6)
Am Pàrtaidh Tòraidheach 15 14 (Decrease1) 8 (Decrease6)
Neamhspleách 0 1 (Increase1) 0 (Decrease1)

Rinne na Coimeádaigh dul chun cinn suntasach i dtoghchán 2017 agus, cé gur chaill an PNA a cheannaire ar an gcomhairle, Neale Hanvey, chríochnaigh sé mar an páirtí is mó. D'aontaigh an PNA agus an Lucht Oibre dul ar ais i gcomhrialtas, le comhcheannairí comhairle.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Fife News : Fife Welcomes Cllr Lizz Mogg as Fife Deputy Provost". City Local.[nasc briste go buan]
  2. Ní mór duit title = agus url = a shonrú nuair a úsáideann tú {{Teimpléad:Cite web-en}}.“”.
  3. "Local Government Boundary Commission for Scotland’s 5th Electoral Review".
  4. "Committees".
  5. 5.0 5.1 "Fife Council agree to SNP and Labour joint partnership". Dunfermline Press.
  6. "The Provost and his role".[nasc briste go buan]
  7. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". BBC News.
  8. "Fife MP resigns as Inverkeithing and Dalgety Bay councillor" (en-GB).
  9. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en-GB).
  10. "Fife Council by-election: Nationalists take Dunfermline Central" (en-GB).
  11. "Fife Council by-election: SNP secure comfortable win in Rosyth" (en-GB).
  12. "Prominent Fife Tory councillor resigns amid claims party is dysfunctional" (en-GB).
  13. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named breakthrough2017
  14. "Politicians and committees".
  15. "Fife Result - Scottish Council Elections 2022 - BBC News".