Comann Litreachas Gàidhlig na h-Alba
Cuma
Sonraí | |
---|---|
Cineál | cumann foilsitheoireachta |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 13 Aibreán 1934 |
Suíomh gréasáin | sgts.org.uk |
Foilsíonn Comann Litreachas Gàidhlig na h-Alba eagráin léannta de théacsanna ar litríocht Ghaeilge na hAlban.
Ar a bhunú ar an 13ú Aibreán 1934, shainmhínigh an tOllamh William J Watson, Ollamh le Ceiltis in Ollscoil Dhún Éideann, cuspóir an Chumainn mar seo a leanas: “litreachas fhoillseachadh ann an Gàidhlig na h-Alba, le ro-ràdhan, eadar-theangachaidhean Beurla, beag-fhaclairean agus notaichean mar a thathar a’ meas iomchaidh.” (Gaeilge na hÉireann: “foilsiú téacsanna i nGaeilge na hAlban a chur ar fáil, in éineacht le cibé réamhrá, aistriúcháin Bhéarla, gluaiseanna agus nótaí a mheasfar a bheith inmhianaithe.”)
An Grúpa Stiúrtha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Uachtarán Oinigh: An tOllamh Colm O Baoill
- Uachtarán: An Dr. Sheila M. Kidd
- Leas-Uachtarán: An tOllamh Uilliam Mac Leoid
- Eagarthóir Bainistíochta: An tOllamh Dòmhnall E. Meek
- Rúnaí: An tOllamh M. Pía Coira
- Cisteoir: Roderick Taylor