Columba McVeigh
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1956 Domhnach Mór, Northern Ireland |
| Ar iarraidh | 1 Samhain 1975 |
| Bás | 1975 18/19 bliana d'aois |
| Siocair bháis | Dúnbhású |
Déagóir 19 mbliain d'aois as an Domhnach Mór i gContae Thír Eoghain ba ea Columba McVeigh (1956 – 1 Samhain 1975).[1] [2] D’fhuadaigh an tIRA an stócach i 1975, maraíodh é agus cuireadh é i ngan fhios dá mhuintir agus don saol.[3]
Duine den cheathrar de na Disappeared[4] nár frítheadh fós is ea McVeigh.[5]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí McVeigh ag obair i mBaile Átha Cliath nuair a d’imigh sé ar iarraidh Oíche Shamhna 1975.
Bhí trí bliana fichead eile caite sula bhfuair a mhuintir amach gur maraíodh an déagóir. Meastar go ndúirt sé nó go bhfaca sé rud éigin nár thaitin le lucht foréigin.[6] Maíodh gur maraíodh daoine toisc go raibh eolas á sceitheadh acu faoin IRA. Faoi dheireadh,d’admhaigh an IRA gurbh iadsan a mharaigh trí dhuine dhéag, McVeigh ina measc.[7]
Cuardach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh foireann saineolaithe ón gCoimisiún Neamhspleách um Aimsiú Taisí Íospartach ag cuardú portach i gContae Mhuineacháin sna 2000idí in iarracht a theacht ar chorp an déagóra Columba McVeigh. Bhí siad ag obair i bPortach an Bhragáin atá gar do Scairbh na gCaorach i Muineachán ar feadh 20 bliain.
Scrúdaíodh thart ar 25 acra in iomlán sna hiarrachtaí thar na blianta.[8] [9] Úsáidtear dhá inneall tochailte, ar sheastáin, agus baintear scraitheanna den bportach chun an talamh fúthu a chuardach go doimhneacht 1,200 mm nó beagnach ceithre troithe. Cuirtear an ithir ar ais ar an bportach tar éis gach cuardach in aisce. Déanann speisialtóirí seandálaíochta agus fóiréinseacha an obair faoi cheannas na gcoimisinéirí, duine a ainmníonn chaon rialtas.[1]
Buille trom don teaghlach nár tháinig foireann an Choimisiúin um Aimsiú Taisí Íospartach ar a chorp sa chuardach.[6] Dúirt príomh-imscrúdaitheoir an Choimisiúin Jon Hill gur chreid sé go bhfuil an t-eolas a fuair siad barántúil agus gur áit éigin i bPortach Bhragáin atá corp Columba McVeigh fós.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Póilín Ní Chiaráin (9 Samhain 2025). "Columba McVeigh – drogall ar an bportach a rún a scaoileadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-09.
- ↑ The Department of Justice and Equality. "Columba McVeigh" (en). The Department of Justice and Equality:. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-04-05. Dáta rochtana: 2023-04-05.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (5 Aibreán 2023). "Cuimhnigh ar líon na ndaoine atá beo inniu nach mbeadh d’uireasa an Chomhaoantaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-05.
- ↑ "Disappeared (Northern Ireland)" (as en) (2023-02-22). Wikipedia.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (29 Márta 2023). "Tá sé thar am rún uafásach na bportach agus na ndumpaí a scaoileadh – ní binn béal ina thost i gcónaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-05.
- 1 2 Póilín Ní Chiaráin (24 Meán Fómhair 2019). "Muintir Columba McVeigh fós gan faoiseamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-05.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (20 Meán Fómhair 2018). "Na ‘Disappeared’ agus crá croí gan staonadh a muintire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-05.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-10-03). "Corp Cholumba McVeigh á chuartú arís i portach i Muineachán" (as ga-IE).
- 1 2 Nuacht RTÉ (2023-11-16). "Deireadh curtha leis an gcuardach ar chorp Columba McVeigh" (as ga-IE).