Béal Átha an Ghaorthaidh
Béal Átha an Ghaorthaidh | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chorcaí | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 95 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Eile | ||||
Logainm.ie | 11245 | |||
Suíomh gréasáin | ballingeary.com… |
Ceantar Gaeltachta i gCnoic na Seithe i gContae Chorcaí is ea Béal Átha an Ghaorthaidh[1], le daonra thart faoi 750.
Scoileanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dhá scoil sa cheantar: Scoil Fhionnbarra (scoil náisiúnta) agus Scoil Mhuire (ceardscoil). Tá tuairim is 120 dalta ag freastal ar scoil Fhionnbarra agus thart faoi 75 dalta ag freastal ar Scoil Mhuire.
Coláiste na Mumhan
[cuir in eagar | athraigh foinse]Coláiste samhraidh is ea Coláiste na Mumhan. Sa bhliain 1904 a bunaíodh an Coláiste agus is é an t-ainm a bhí air ag an am ná "Coláiste Múinteoireachta na Mumhan" - ag díriú go príomha ar theagasc na Gaelainne do mhúinteoirí. Thosnaigh an coláiste le foirgneamh ar chíos ón Sagart Paróiste. Ina dhiaidh sin leathnaíodh amach na cúrsaí a bhí ag an gColáiste do dhéagóirí Chontae Chorcaí, agus ansin go dtí an tír uilig.
An Ghaelainn i mBéal Átha an Ghaorthaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir daonáireamh Phoblacht na hÉireann 2011 bhí cónaí ar 544 duine i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Dúirt 435 (83.5% de dhaoine 3 mbliana d'aois +) duine go raibh an Ghaelainn acu agus dúirt 186 duine (35.7%) go n-úsáideann siad an Ghaelainn go laethúil lasmuigh den chóras oideachais.
An Cairdinéal Manning
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh agus tógadh an Cairdinéal Timothy Manning (15 Lúnasa, 1909—23 Meitheamh, 1989) i mBéal Átha an Ghaorthaidh sula ndeachaigh sé go Meiriceá. Ba iad Cornelius Manning agus Margaret Cronin a thuismitheoirí.[2]
Cumann peile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cumann peile ag Béal Átha 'n Ghaorthaidh. Bunaíodh sa bhliain 1957 é. Ba é An tAthair Micheál Ó Murchú an chéad uachtarán. Ba é Seán Ó Rinn an Leas-Uachtarán agus ba é Liam Ó Seartan an cathaoirleach. Bhí Conchúr ó Cróinín mar chaptaen ar an bhfoireann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Béal Átha an Ghaorthaidh/Ballingeary | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ http://www.fiu.edu/~mirandas/bios-m.htm#Manning Curtha i gcartlann 2007-12-14 ar an Wayback Machine Miranda, Salvador. The Cardinals of the Holy Roman Churcb (as Béarla)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Comórtas na mBailte Slachtmhara
- Comórtas na mBailte Slachtmhara
- Cumann Peile Bhéál Átha 'n Ghaorthaidh Curtha i gcartlann 2008-03-13 ar an Wayback Machine
- Coláiste na Mumhan Curtha i gcartlann 2007-11-20 ar an Wayback Machine
- Béal Átha 'n Ghaorthaidh
- [1] Béal Átha 'n Ghaorthaidh