Jump to content

Coimisinéir na Breatnaise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCoimisinéir na Breatnaise
Sonraí
Cineálpost
rialálaí teanga Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Cuthaíodh dualgais Choimisinéir na Breatnaise i mBeart na Breatnaise (An Bhreatain Bheag) 2011, (Breatainis: Mesur y Gymraeg (Cymru) 2011,a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2012 ) , agus é mar aidhm úsáid na Breatnaise a chur chun cinn agus a éascú.[1]. Is éard atá i gceist leis seo feasacht a mhúscailt faoi stádas oifigiúil na Breatnaise sa Bhreatain Bheag agus trí chaighdeáin a fhorchur ar eagraíochtaí.[2] Mar thoradh air seo, bunófar cearta do chainteoirí Breatnaise dá bharr.

De réir shuíomh Gréasáin an Choimisinéara, tá dhá phrionsabal atá mar bhonn agus taca le hobair an Choimisinéara, eadhon:

Níor chóir caitheamh leis an mBreatnais le níos lú fabhar ná an Béarla sa Bhreatain Bheag

Ba cheart go mbeadh daoine in ann a saol a chaitheamh sa Bhreatain Bheag trí mheán na Breatainise más mian leo.

Tá obair an Choimisinéara neamhspleách go polaitiúil. Ba é Meri Huws an chéad Choimisinéir,[3] agus tháinig Aled Roberts i gcomharbacht uirthi an 31 Márta 2019.[4]

Ról an Choimisinéara Féadfaidh an Coimisinéir aon rud a dhéanamh a mheasann sé nó sí a bheith iomchuí chun:

  • Úsáid na Breatnaise a chur chun cinn
  • Úsáid na Breatnaise a éascú
  • Oibrigh lena chinntiú nach gcaitear leis an mBreatnais seo ar shlí nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an Bhéarla.

Áirítear leis seo deiseanna a chur chun cinn chun an Bhreatnais a úsáid agus an cleachtas is fearr in úsáid na Breatnaise a spreagadh ag daoine a phléann le daoine eile, nó a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine eile. Cuimsíonn réimsí a chuid nó a cuid oibre saincheisteanna dlí freisin, tuarascálacha, taighde, gníomhaíochtaí oideachais agus moltaí i scríbhinn a ullmhú agus a fhoilsiú d’Airí Rialtas na Breataine Bige. Is féidir leis an gCoimisinéir comhairle a thabhairt do dhaoine freisin.

Féach freisin

  • Deddf Cynulliad Cenedlaethol Cymru (Ieithoedd Swyddogol) 2012

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí

  1. Aim of the Welsh Language Commissioner. http://www.comisiynyddygymraeg.org/English/Commissioner/Pages/Aim.asp%5B%5D
  2. Welsh Language Commissioner (Wales). https://languagecommissioners.org/members.php?id=9
  3. Language board chief Meri Huws is Welsh commissioner.https://www.bbc.com/news/uk-wales-politics-15186747
  4. Aled Roberts to be appointed new Welsh Language Commissioner.. Welsh Government. Retrieved 29 January 2019. https://gov.wales/newsroom/welshlanguage/2018/aled-roberts-to-be-appointed-new-welsh-language-commissioner/?lang=en